Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Iúd 1:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 agus congbhuighidh sibh féin i ngrádh Dé, ag súil le trócaire ár dTighearna Íosa Críost chum na beathadh marthannaighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 coinnígí sibh féin i ngrá Dé, bígí ag dréim agus ag dúil le trócaire ónár dTiarna Íosa Críost chun na beatha síoraí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Coimhéuduigh sibh féin a ngrádh Dé, ag súil ré trócaire ar Dtíghearna Iósa Críosd chum na beatha marthannuigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 agus cumhdaígí sibh féin i ngrá Dé agus súil agaibh le trócaire ár dTiarna Íosa Críost chun na beatha síoraí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

21 agus cumhdaígí sibh féin i ngrá Dé agus súil agaibh le trócaire ár dTiarna Íosa Críost chun na beatha síoraí.

Féach an chaibidil Cóip




Iúd 1:21
31 Tagairtí Cros  

Óir tugadh an reacht tré Mhaois, acht tháinig grás agus fírinne tré Íosa Críost.


An té go bhfuil m’aitheanta aige, agus chóimhlíonas iad, is é sin an té go bhfuil grádh aige dhom: agus an té go bhfuil grádh aige dhamh‐sa, béidh grádh ag an Athair dhó‐san, agus béidh grádh agam‐sa dhó, agus foillseochad mé féin dó.


agus nuair tháinig seisean, agus nuair do chonnaic sé grása Dé, bhí áthas air; agus do spreag sé iad go léir go gclaoidhfidís le díoghrais croidhe do’n Tighearna:


ar chuma, fá mar bhí réimeas an pheacaidh chum báis ann, gur ar an gcuma chéadna do bhéadh réimeas an ghrása tré fhíréantacht ann chum na beathadh síorraidhe tré Íosa Críost ár dTighearna.


agus ní náirigheann an dóchas, de bhrigh go bhfuil grádh Dé doirtighthe ’n‐ár gcroidheachaibh tríd an Spiorad Naomh tugadh dhúinn.


Óir is é tuarastal an pheacaidh an bás, acht is é saor‐bhronntanas Dé an bheatha shíorraidhe i nÍosa Críost, ár dTighearna.


ná áirde, ná doimhneacht, ná rud ar bith eile d’ár cruthuigheadh, nach bhféadfaidh siad sinn do scaramhain ó’n ngrádh atá ag Dia dhúinn i nÍosa Críost ár dTighearna.


Go raibh grása an Tighearna Íosa Críost, agus grádh Dé, agus comaoin an Spioraid Naoimh agaibh go léir.


Agus go dtreoruighidh an Tighearna bhur gcroidheacha chum grádha Dé, agus chum foidhne Chríost.


chum Timóteuis, fíor‐mhac liom san gcreideamh: Grása, trócaire agus síothcháin, ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost ár dTighearna.


Go dtugaidh an Tighearna trócaire do theaghlach Onésiforuis; óir is minic thug sé sólás croidhe dhom, agus níor nár leis mo shlabhradh;


(Go dtugaidh an Tighearna dhó trócaire d’fhágháil ó’n Tighearna san ló úd): agus is maith atá a fhios agat féin méid na seirbhís do rinne sé dhom i nEiféis.


chum Timóteuis, mac ionmhain liom: Grása, trócaire agus síothcháin, ó Dhia an tAthair, agus ó Íosa Críost ár dTighearna.


ó’n am so amach is í coróin na fíréantachta atá i ndán dom, coróin bhéarfas an Tighearna, breitheamh fíréan, dom san ló úd, agus ní damh‐sa amháin, acht do na daoinibh go léir gur geal leo a theacht.


ar an gcuma chéadna, foillseochar Críost gan peacadh, an dara h‐uair, do na daoinibh atá ag fanamhain leis, chum a slánuighthe, tar a éis dó a íodhbairt féin an t‐aon uair amháin chum peacaidhe móráin d’iomchar.


ag fuireach daoibh, agus sibh go dúthrachtach fá chómhair lae Dé, ’n‐a scriosfar na spéartha le tóiteán teineadh, agus ’n‐a leaghfar na dúla le dian‐teas loiscneach?


Agus d’aithnigheamar an grádh atá ag Dia dhúinn, agus do chreideamar ann. Is grádh é Dia; agus an té chómhnuigheas san ngrádh, cómhnuigheann sé i nDia, agus cómhnuigheann Dia ann.


Is eol dúinn, aoinneach do geineadh ó Dhia nach ndéanann sé peacadh; acht an té do geineadh ó Dhia, coimheádann sé féin é, agus ní bhfaghann an ainspioraid greim air.


Is é an fír‐Dhia, agus an bheatha mharthannach é seo. A chlann bheag, coimheádaidh sibh féin ar íodhalaibh.


Iúdás, seirbhíseach Íosa Críost, agus dearbhráthair Shéamais, chum na ndaoine fuair gairm, atá i ngrádh Dé an tAthair, agus atá d’á gcumhdach le h‐aghaidh Íosa Críost:


Déanaidh trócaire ar chuid de na daoinibh atá ioir dhá chómhairle;


Anois, do’n té go bhfuil ar chumas dó bhur gcongbháil slán ó thuisleadh, agus bhur gcur i láthair a ghlóire gan smál,


Agus rugadar buaidh air tré fhuil an Uain, agus tré bhriathar a bhfiadhnaise: agus níor chuireadar suim ’na n‐anam go dtí an bás féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí