Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

1 Tiomóid 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Pól, abstal Íosa Críost ar órdú Dé ár Slánuightheoir, agus Íosa Críost, ughdar ár ndóchais;

2 chum Timóteuis, fíor‐mhac liom san gcreideamh: Grása, trócaire agus síothcháin, ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost ár dTighearna.

3 D’impidheas ort fanamhain i nEiféis, agus mé ag imtheacht fá dhéin na Maiceadóine, chum fógradh do thabhairt do dhaoinibh áirithe gan athrú teagaisc do mhúineadh,

4 agus gan aire do thabhairt d’fhabhlaibh, ná do gheinealachaibh gan chríoch, ó n‐a bhfásann ceisteanna níos mó ’ná riaradh gnó Dé san gcreideamh.

5 Acht is é cuspóir an teagaisc an grádh as croidhe úr‐ghlan, agus as coinsias maith, agus as creideamh neamh‐chealgach.

6 Atá daoine ann do thionntuigh ó na neithibh seo, agus do chuaidh amugha chum baoth‐chainnte;

7 d’iarraidh bheith mar mhúinteoirí na dlighe, gidh nach dtuigeann siad créad bhíos d’á rádh nó d’á dhearbhú aca.

8 Acht atá a fhios againne go bhfuil an dlighe maith, má bhaineann duine fóghnamh as go dlisteanach,

9 agus má thuigeann sé nach do’n duine fíréan do cumadh an dlighe, acht do dhaoinibh míriaghalta, easumhla, do dhaoinibh neamh‐dhiadha agus do pheacachaibh, do dhaoinibh mí‐naomhtha, masluightheacha, do lucht marbhtha aithreach agus máithreach, do dhún‐mharbhthóiribh,

10 do lucht striapachais, do lucht ainmhianta mí‐nádúrtha, do lucht goidthe daoine, do bhréagairibh, agus éinnidh eile atá i n‐aghaidh an teagaisc fholláin;

11 do réir soiscéil glóire an Dé bheannuighthe atá curtha fá mo chúram‐sa.

12 Do‐bheirim buidheachas leis an té thug cumas dom, Íosa Críost ár dTighearna, do mheas gur dhuine iontaobhtha mé, ’gam’ thoghadh le h‐aghaidh a sheirbhíse:

13 gidh go rabhas roimhe sin im’ dhia‐mhasluightheoir, agus im’ inghreimtheach, agus im’ scriosaire; acht fuaras trócaire, toisc gur tré ainbhfios agus tré mhí‐chreideamh do rinneas é,

14 agus do mhéaduigh grása ár dTighearna go mór, le creideamh agus leis an ngrádh atá i nÍosa Críost.

15 Is inchreidthe an focal é, agus is fiú glacadh ar fad leis, go dtáinig Íosa Críost isteach san tsaoghal chum peacaigh do shlánú; agus is mise an té is measa dhíobh.

16 Acht chuige sin is eadh fuaras trócaise, chum go nochtfadh Íosa Críost a fhad‐fhulang uile ionnam‐sa ar dtús, chum go mbéinn mar eisiompláir do’n dream do bhí le creideamhain ann, chum na beathadh síorraidhe.

17 Anois do’n Righ síorraidhe, do‐mharbhtha, do‐fheicsiona, do’n Aon‐Dia, go raibh onóir agus glóir go saoghal na saoghal. Amen.

18 Fágaim é seo mar chúram ort, a Thimóteuis, a mhic liom, do réir na dtarngaire do rinneadh id’ thaobh roimhe seo, chum go dtroidfidh tú an cómhrac maith d’á mbárr;

19 ag coimheád an chreidimh agus consiais mhaith; rud atá tréigthe ag daoinibh áirithe go bhfuil long‐bhriseadh déanta de’n chreideamh aca.

20 Daoine dhíobh‐san is eadh Hímenaeus agus Alecsander, daoine do scaoileas le Sátan, chum go múinfidhe dhaoibh gan dia‐mhasladh do labhairt.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí