Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Tiomóid 1:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 chum Timóteuis, fíor‐mhac liom san gcreideamh: Grása, trócaire agus síothcháin, ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost ár dTighearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Ag beannú do Thimótéus, mo mhac dlisteanach sa chreideamh: Ag guí an ghrásta, na trócaire, agus na síochána dó ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost ár dTiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Chum Timotéus, mo mhac grádhach sa gcreideamh: Grása maille riot, trócaire, agus siothcháin ó Dhía ar Nathair agus o Iósa Críosd ar Dtíghearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Guím grásta agus trócaire agus síocháin ó Dhia, an tAthair, agus ónár dTiarna Íosa Críost ar Thiomóid mo mhac dílis sa chreideamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Guím grásta agus trócaire agus síocháin ó Dhia an tAthair agus ónár dTiarna Íosa Críost ar Thiomóid mo mhac dílis sa chreideamh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Tiomóid 1:2
18 Tagairtí Cros  

mar dhaoine le h‐Íosa Críost; chugaibh‐se uile atá san Róimh, ionmhain le Dia, do glaodhadh chum bheith ’n‐bhur naomhaibh, Grása agus síothcháin daoibh ó Dhia ár nAthair, agus ó’n Tighearna Íosa Críost.


grása chugaibh agus síothcháin ó Dhia an tAthair, agus ó n‐ár dTighearna Íosa Críost,


agus do chuireamar Timóteus, ar mbráthair agus ministir Dé i soiscéal Chríost, chugaibh chum sibh do dhaingniú, agus chum sólás i dtaobh bhur gcreidimh do thabhairt daoibh;


Do‐bheirim buidheachas leis an té thug cumas dom, Íosa Críost ár dTighearna, do mheas gur dhuine iontaobhtha mé, ’gam’ thoghadh le h‐aghaidh a sheirbhíse:


Fágaim é seo mar chúram ort, a Thimóteuis, a mhic liom, do réir na dtarngaire do rinneadh id’ thaobh roimhe seo, chum go dtroidfidh tú an cómhrac maith d’á mbárr;


A Thimóteuis, coimheád a bhfuil curtha mar chúram ort, ag seachaint baoth‐chainnte neamh‐dhiadha, agus contrárdhachta an nidh go dtugtar eolas go bréagach air:


chum Timóteuis, mac ionmhain liom: Grása, trócaire agus síothcháin, ó Dhia an tAthair, agus ó Íosa Críost ár dTighearna.


Uime sin, a mhic liom, bí‐se tréan san ngrása atá i nÍosa Críost.


chum Títuis, fíor‐mhac liom ’n‐ár gcóimh‐chreideamh: Grása agus síothcháin ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost ár Slánuightheoir.


is é sin go mba ceart do na daoinibh aosta bheith staidéartha, modhamhail, stuamdha, slán san gcreideamh, san ngrádh, san bhfoidhne:


Beannuigheann a bhfuil im’ fhochair duit. Beannuigh‐se d’á bhfuil grádh aca dhúinn san gcreideamh. Grása go raibh libh go léir.


do toghadh do réir réamheolais Dé an tAthair, tré naomhú an Spioraid, chum umhlachta agus chum croithte fola Íosa Críost: Go méaduightear grása agus síothcháin daoibh.


Béidh grása, trócaire agus síothcháin linn ó Dhia an tAthair, agus ó Íosa Críost, Mac an Athar, san bhfírinne agus san ngrádh.


Ní mó an gáirdeachas bhíos orm ’ná a chlos go bhfuil mo chlánn ag siubhal san bhfírinne.


Go méaduightear trócaire, síothcháin agus grádh dhaoibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí