Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Tiomóid 1:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Pól, abstal Íosa Críost ar órdú Dé ár Slánuightheoir, agus Íosa Críost, ughdar ár ndóchais;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Pól, atá ina aspal ag Íosa Críost le haithne ó Dhia is Slánaitheoir dúinn agus ó Íosa Críost a bhíos mar dhóchas againn,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Pol, absdal Iósa Críosd do réir órduigh Dé ar Slánaightheóir, agus an Tíghearna Iósa Críosd, ar muinighin;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Mise Pól, aspal Chríost Íosa ar ordú ó Dhia ár Slánaitheoir agus ó Chríost Íosa, ár ndóchas.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Mise Pól, aspal Chríost Íosa ar ordú ó Dhia ár slánaitheoir agus ó Chríost Íosa ár ndóchas.

Féach an chaibidil Cóip




1 Tiomóid 1:1
38 Tagairtí Cros  

Agus do‐rinne mo spioraid gáirdeachas i nDia mo Shlánuightheoir.


óir atá Slánuightheoir beirthe dhaoibh indiu, is é sin Críost an Rí, i gcathair Dháibhi.


Acht adubhairt an Tighearna leis, Imthigh leat: óir is soitheach toghtha agam‐sa é, chum m’ainm do bhreith i láthair na nGeinte agus na ríogh, agus do chlainn Israel:


Pól seirbhíseach Íosa Críost, do glaodhadh chum bheith ’n‐a abstal, do cuireadh ar leith le h‐aghaidh soiscéil Dé,


Pól, fuair gairm mar abstal Íosa Críost tré thoil Dé,


Óir, má’s dem’ shaor‐thoil féin do‐ghním é, atá luach saothair agam; acht, má’s i n‐aghaidh mo thola é, do cuireadh ’n‐a chúram orm é.


Pól, abstal Íosa Críost tré thoil Dé, agus Timótéus ár mbráthair, chum eaglaise Dé atá i gCoirinnt, mar aon leis na naomhaibh go léir atá i nAcháia ar fad:


Pól, abstal (ní ó dhaoinibh, agus ní tríd an duine, acht tré Íosa Críost, agus tré Dhia, an tAthair, do thóg ó na marbhaibh é),


Óir do‐bheirim le fios daoibh, a bhráithre, i dtaobh an tsoiscéil d’fhógras, nach dó réir an duine é.


d’ár thoiligh Dia a chur i bhfios créad é saidhbhreas glóire na rúindiamhaire seo i measc na gCineadhach, is é sin Críost ionnaibh, an dóchas chum glóire.


Anois go dtugaidh ár dTighearna Íosa Críost féin agus Dia ár nAthair, do ghrádhuigh sinn, agus thug sólás síorraidhe agus deagh‐dhóchas dúinn tré ghrása, go dtugaidh sé sólás croidhe dhaoibh,


Do‐bheirim buidheachas leis an té thug cumas dom, Íosa Críost ár dTighearna, do mheas gur dhuine iontaobhtha mé, ’gam’ thoghadh le h‐aghaidh a sheirbhíse:


Is maith agus is taithneamhach an nidh seo i bhfiadhnaise Dé ár Slánuightheoir,


Chuige sin is eadh do h‐órduigheadh mise im’ sheanmóiridhe agus im abstal (is í an fhírinne atá agam d’á rádh, ní bréag í), im’ theagascthóir chum an creideamh agus an fhírinne do mhúineadh do na Cineadhachaibh.


Óir chuige sin is eadh atáimíd ag saothrú agus ag spairn, toisc ár muinighin bheith againn as an Dia beo, slánuightheoir na ndaoine uile, an méid aca chreideas, go mór‐mhór.


acht d’fhoillsigh a bhriathar san am oireamhnach tríd an seanmóireacht do cuireadh mar chuspóir orm‐sa, do réir aithne Dé ár Slánuightheoir;


gan bheith ag ais‐fhreagairt; gan bheith ag mionghadaidheacht, acht an uile dhílse do thaisbeáint; chum onóir ins gach éinnidh do thabhairt do bhriathar Dhé, ár Slánuightheoir.


ag fanamhain le dóchas beannuighthe agus le taisbeánadh glóire an Dé mhóir agus ár Slánuightheora Íosa Críost;


Acht nuair do nochtadh maitheas agus grádh Dé ár Slánuightheoir do’n duine,


do dhoirt sé go fial orainn, tré Íosa Críost ár Slánuightheoir:


chreideas tríd‐sean i nDia, do thóg ó na marbhaibh é, agus thug glóir dó; chum go mbéadh bhur muinighin agus bhur ndóchas as Dia.


Go mbeannuightear Dia, Athair ár dTighearna Íosa Críost, d’aithghein, do réir a mhór‐thrócaire, sinn chum beo‐dhóchais tré aiséirghe Íosa Críost ó na marbhaibh,


Síomón Peadar, seirbhíseach agus abstal Íosa Críost, chum na ndaoine fuair an creideamh sár‐luachmhar céadna atá againne; tré fhíréantacht ár nDé agus ár Slánuightheora Íosa Críost:


Agus do chonnacamar agus do‐bheirimíd fiadhnaise gur chuir an tAthair a Mhac uaidh mar Shlánuightheoir an domhain.


lán de gháirdeachas, do’n Aon‐Dia amháin, ár Slánuightheoir, tré Íosa Críost ár dTighearna, dó‐san go raibh glóir, mórdhacht, neart agus cumhacht, mar bhí ariamh, mar tá anois, agus mar bhéas go saoghal na saoghal, Amen.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí