Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Tiomóid 1:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 do lucht striapachais, do lucht ainmhianta mí‐nádúrtha, do lucht goidthe daoine, do bhréagairibh, agus éinnidh eile atá i n‐aghaidh an teagaisc fholláin;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 le haghaidh striapach agus sodamach, le haghaidh fuadaitheoirí, agus bréagairí agus éitheoirí, agus cibé rud eile atá bunoscionn leis an teagasc folláin,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Do sdríopthachuibh, so dháoinibh míonádúrtha, do ghaduighibh dáoineadh, do dháoinidh bréugacha, do luchd anéithigh, agus má tá ní ar bith eile contrárdha do theagusg fhalláin;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 do lucht drúise agus lucht sodamachta agus lucht fuadaigh, do lucht na mbréag agus na mionn éithigh–dóibh sin uile a dhéanann aon ní eile bunoscionn le teagasc folláin

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 do lucht drúise agus lucht sodamachta agus lucht fuadaigh, do lucht na mbréag agus na mionn éithigh - dóibh sin uile a dhéanann aon ní eile bunoscionn le teagasc folláin

Féach an chaibidil Cóip




1 Tiomóid 1:10
34 Tagairtí Cros  

Is ó bhúr n‐Athair, an diabhal, sibh‐se, agus is é mian bhúr n‐athar is toil libh do dhéanamh. Dúnmharbhthóir ab eadh eisean ó thosach, agus níor sheas sé sa bhfírinne, óir ní fhuil fírinne ann. Nuair do‐bheir sé an t‐éitheach, is uaidh féin labhras sé: óir is bréagaire é, is é athair an éithigh é.


D’á bhrigh sin leig Dia le h‐ainmhiantaibh déisteannacha iad: óir d’athruigh a mná an gnás atá de réir nádúire, ag cleachtadh gnáis atá i gcoinnibh nádúire:


Má chuireann tú na neithe seo i gcuimhin do na bráithribh, béidhir id’ sheirbhíseach maith d’Íosa Críost, oilte as briathraibh an chreidimh agus as an deagh‐theagasc d’ár leanais go dtí anois.


Má mhúineann aoinneach a mhalairt de theagasc, agus muna gclaoidheann sé le briathraibh fóghanta, briathra ár dTighearna Íosa Críost, agus leis an teagasc atá do réir crábhaidh;


Congbhuigh go daingean sompla na mbriathar maith do chualais uaim, san gcreideamh agus san ngrádh atá i nÍosa Críost.


Óir tiocfaidh an t‐am nach seasfaidh siad deagh‐theagasc; acht le tocas ’n‐a gcluasaibh, cruinneochaidh siad chuca féin lucht teagaisc do réir a n‐ainmhianta féin:


Fiadhnaise fhíor is eadh í seo. D’á bhrigh sin aithbhear go géar iad, chum go mbéidh creideamh folláin aca,


ag greamú de’n bhriathar fírinneach atá do réir an teagaisc, chum go mbéidh ar chumas dó na daoine do ghríosadh do réir an teagaisc fholláin, agus iad‐san chuireas ’n‐a aghaidh do bhréagnú.


Bíodh an pósadh fá onóir ag cách, agus bíodh an leabaidh gan truailleadh: óir bhéarfaidh Dia breitheamhnas ar lucht drúise agus adhaltrannais.


Sodam agus Gomorra, agus na cathracha ’n‐a dtimcheall, mar an gcéadna, do lean de striapachas agus de chuirptheacht mhí‐nádúrtha, tugadh iad mar eisiompláir, ag fulang peannaide na teineadh síorraidhe.


agus cainéal, agus spíosraí, agus balsam, agus miorr, agus túis, agus fíon, agus mion‐phlur, agus cruithneacht, agus eallach, agus caoirigh: agus capaill agus carbaid, agus cuirp agus anmanna daoine.


agus ní rachaidh isteach innti éinnidh neamh‐ghlan, ná aon duine do‐ghní gráineamhlacht nó bréag: acht na daoine amháin go bhfuil a n‐ainmneacha scríobhtha i leabhar beathadh an Uain.


Acht maidir leis na daoinibh meathta, mí‐chreidmheacha, gráineamhla, agus leis na dúnmharbhthóiribh, leis na drúiseoiribh, leis na draoidheadóiribh, agus leis na h‐íodhal‐adhrathóiribh, agus le lucht na mbréag ar fad, gheobhaid‐sean a gcuid féin san loch atá ar dearg‐lasadh le teinidh agus le ruibh; is é sin an dara bás.


Acht ar an taobh amuigh dhi atá na madraí, agus lucht na bpisreog, agus na drúiseoirí, agus na dúnmharbhthóirí, agus na h‐íodhal‐adhrathóirí, agus gach duine ghrádhuigheas agus chleachtas bréag.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí