Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Tiomóid 1:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 agus má thuigeann sé nach do’n duine fíréan do cumadh an dlighe, acht do dhaoinibh míriaghalta, easumhla, do dhaoinibh neamh‐dhiadha agus do pheacachaibh, do dhaoinibh mí‐naomhtha, masluightheacha, do lucht marbhtha aithreach agus máithreach, do dhún‐mharbhthóiribh,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 is é sin le rá nár ceapadh an dlí i gcomhair na bhfíréan, ach le haghaidh lucht na héagóra agus na hainrialtachta, le haghaidh an dreama choirpigh éagráifigh, le haghaidh an dreama mhínaofa shaolta, le haghaidh fionghaile athar agus máthar agus dúnmharfóirí

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Ar mbeith a fhios so aige, nach do dhuine cheart órduighthear an dligheadh, achd don druing ainglightheach easúmhal, do dháonibh neamhdhíagha agus do pheacthachuibh, do dháoínibh neamhnáomhtha agus neamhghlana, do luchd fionghuile do dhéunamh ar a naithreachuibh, agus a maithreachuibh, do luchd dúnmharbhtha,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 agus a thuigfeadh nach don duine fíréanta a dhéantar dlí ach do choirpigh agus do dhaoine ainrialta, mʼéagráifigh agus do pheacaigh, do mhallaitheoirí agus do lucht an oilc, do lucht fionaíola athar is máthar agus do dhúnmharfóirí,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 agus a thuigfeadh nach don duine fíréanta a dhéantar dlí ach do choirpigh agus do dhaoine ainrialta, d'éagráifigh agus do pheacaigh, do mhallaitheoirí agus do lucht an oilc, do lucht fionaíola athar is máthar agus do dhúnmharfóirí,

Féach an chaibidil Cóip




1 Tiomóid 1:9
45 Tagairtí Cros  

Agus do‐bhéarfaidh an dearbhráthair a dhearbhráthair chum báis, agus an t‐athair a mhac: agus éireochaidh an chlann i n‐aghaidh a n‐aithreach agus a máithreach, agus imreochaid bás ortha.


lucht bíodáin, lucht cúl‐chainnte, lucht gránna le Dia, tarcuisneach, uaibhreach, bladhmannach, lucht ceaptha olcais, easumhal d’aithreachaibh agus do mháithreachaibh,


Óir níor thríd an dlighe tugadh an gheallamhain d’Abracham, nó d’ á shliocht, go mbéadh sé ’n‐a oidhre ar an domhan, acht tré fhíréantacht an chreidimh.


mar sin is eadh déanfar fíréanaigh d’á lán tré umhlacht duine amháin. Agus tháinig an dlighe isteach ’na dhiaidh sin chum go méadóchaidhe an cionntha. Acht san áit ’n‐ar mhéaduigh an peacadh, ba mó ’ná sin go mór do mhéaduigh an grása:


Óir ní bhéidh tighearnas ag an bpeacadh oraibh: óir ní fá dhlighe atá sibh, acht fá ghrása.


Cad chuige an dlighe mar sin? Do tugadh isteach é ní ba dheireannaighe mar gheall ar chionntaibh, nó go dtigeadh an sliocht go dtugadh an gheallamhaim dó; agus do h‐órduigheadh é tré aingealaibh le láimh eadarghuidhtheora.


Acht má tá sibh fá threorú an Spioraid, ní fhuil sibh fá’n dlighe.


ólachán, dreabhlas, agus a leithéidí eile: fógraim daoibh roimh ré, mar adubhras libh cheana, na daoine chleachtas a leithéidí sin, nach bhfaighidh siad oidhreacht i ríoghacht Dé.


caoimhe, stuamdhacht: ní fhuil dlighe ar bith i n‐aghaidh a leithéidí sin.


Annsin is eadh foillseochar an duine míriaghalta go marbhóchaidh an Tighearna Íosa le h‐anáil a bhéil é, agus go scriosfaidh sé le n‐a theacht agus le n‐a thaidhbhsiú é.


Acht seachain baoith‐scéalta saoghalta agus fabhla sean‐bhan.


A Thimóteuis, coimheád a bhfuil curtha mar chúram ort, ag seachaint baoth‐chainnte neamh‐dhiadha, agus contrárdhachta an nidh go dtugtar eolas go bréagach air:


Acht seachain baothghlór neamh‐dhiadha; óir rachaidh siad níos faide ar aghaidh i neamh‐dhiadhacht;


Óir béidh na daoine leithleasach, sanntach, maoidhteach mórtasach, masluightheach, easumhal d’aithreachaibh agus do mháithreachaibh, díombuidheach, mí‐naomhtha, gan grádh nádúrtha,


Óir is iomdha duine míriaghalta atá ann, lucht baoth‐ghlóir agus mealltóirí, daoine d’aicme an timcheall‐ghearrtha go h‐áirithe,


Cuireann siad i gcéill go bhfuil eolas ar Dhia aca; acht is amhlaidh shéanas siad le n‐a ngníomharthaibh é, ar mbeith dhóibh gráineamhail, easumhal, agus iad gan éifeacht le h‐aghaidh deagh‐oibre ar bith.


fear ar bith atá gan locht, pósta le mnaoi amháin, go bhfuil clann chreideas aige, nach bhfuil droch‐nósa ná míriaghaltacht d’á gcur ’n‐a leith.


Óir do bhíomar féin dith‐céillidhe tráth, easumhal, ag dul ar fan, fá smacht ag ainmhiantaibh agus ag áineasaibh éagsamhla, ag caitheamh ár saoghail le droch‐rún agus le formad, fuathmhar agus sinn ag tabhairt fuatha d’á chéile.


Tré chreideamh níor scriosadh Rachab méirdreach i n‐éinfheacht leis na daoinibh do bhí easumhal, ó d’fháiltigh sí go síothchánta roimh na spíodóiribh.


ar eagla go mbéadh aon drúiseoir ann, nó aon duine neamh‐dhiadha mar Ésau, do dhíol a cheart oidhreachta ar bhéile bidh.


D’á bhrigh sin, is luachmhar libh‐se é, ó chreideann sibh ann: acht i dtaobh an dreama nach gcreideann, An chloch d’ár dhiúltuigh na saoir, Is di‐se do rinneadh cloch chinn chúinne:


an dream do bhí easumhal san am fad ó, nuair do bhí foighid Dé ag fanamhain i laethibh Naoi, an fhaid do bhí an áirc d’á cur i dtreo, gur sábháladh beagán daoine, is é sin ochtar, innti treasna an uisce.


Agus má’s ar éigean slánóchar an fíréan, cia an chríoch atá i n‐áirithe do’n duine neimh‐dhiadha agus do’n pheacach?


chum breitheamhnas do dhéanamh ar chách, agus chum na daoine neimh‐dhiadha do dhaoradh i n‐éiric na ngníomhartha neimh‐dhiadha atá déanta go neimh‐dhiadha aca, agus ar son na bhfocal masluightheach atá ráidhte ag peacachaibh neimh‐dhiadha ’n‐a aghaidh.


Acht maidir leis na daoinibh meathta, mí‐chreidmheacha, gráineamhla, agus leis na dúnmharbhthóiribh, leis na drúiseoiribh, leis na draoidheadóiribh, agus leis na h‐íodhal‐adhrathóiribh, agus le lucht na mbréag ar fad, gheobhaid‐sean a gcuid féin san loch atá ar dearg‐lasadh le teinidh agus le ruibh; is é sin an dara bás.


Acht ar an taobh amuigh dhi atá na madraí, agus lucht na bpisreog, agus na drúiseoirí, agus na dúnmharbhthóirí, agus na h‐íodhal‐adhrathóirí, agus gach duine ghrádhuigheas agus chleachtas bréag.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí