Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Tiomóid 1:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Acht atá a fhios againne go bhfuil an dlighe maith, má bhaineann duine fóghnamh as go dlisteanach,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Anois tá a fhios againn an feabhas atá sa dlí, ach duine an fheidhm cheart a bhaint as,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Gidheadh atá a fhios aguinne gur maith an dligheadh, dá leanuidh duine go dlisdeanach é;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Tá a fhios againn gur rud fónta an dlí, an té a bhainfeadh feidhm dhleathach as

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Tá a fhios againn gur rud fónta an dlí, an té a bhainfeadh feidhm dhleathach as

Féach an chaibidil Cóip




1 Tiomóid 1:8
12 Tagairtí Cros  

Agus ná géillidh do nósaibh an tsaoghail seo: acht athruightear sibh tré athnuadhadh bhur n‐aigne, chum go bhfromhfaidh sibh toil Dé, atá maith, agus taithneamhach, agus diongbhálta.


Acht má’s é an nidh nach mian liom do‐ghnímh, admhuighim gur maith é an dlighe.


Óir atá a fhios agam nach longuigheann deagh‐nidh ar bith ionnam‐sa, is é sin im’ cholainn: óir is toil liom de ghnáth an deagh‐nidh do dhéanamh, acht ní fhuil ar chumas dom an deagh‐nidh do chur i ngníomh.


Óir taithneann dlighe Dé liom im’ anam istigh:


An bhfuil an dlighe i n‐aghaidh geallamhnacha Dé mar sin? nar leigidh Dia é: óir dá dtugtaighe dlighe d’fhéadfadh beatha do thabhairt, is léir gur tríd an dlighe do thiocfadh fíréantacht.


Agus an féar théigheas ag iomaidheacht ins na cleasaibh lútha, ní tugtar an choróin dó muna ndearna sé an iomaidheacht do réir na riaghlach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí