Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Tiomóid 1:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 d’iarraidh bheith mar mhúinteoirí na dlighe, gidh nach dtuigeann siad créad bhíos d’á rádh nó d’á dhearbhú aca.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 ar mhian leo bheith ina n-oidí múinte dlí, ach nach mbíonn tuiscint acu ar a mbíonn siad ag áiteamh fúthu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Bá mían ríu bheith na ndoctúiribh an dlighe; agus fós ní thuigid créd a deirid féin, ná na neithe dheimhnighid síad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 is áil leo a bheith ina saineolaithe ar an dlí ach iad gan aon tuiscint acu ar a mbíonn siad a rá ná ar na tuairimí a mbíonn siad chomh teann ina dtaobh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 is áil leo bheith ina saineolaithe ar an dlí ach iad gan aon tuiscint acu ar a mbíonn siad a rá ná ar na tuairimí a mbíonn siad chomh teann ina dtaobh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Tiomóid 1:7
20 Tagairtí Cros  

Leigidh dhóibh siúd: treoraidhthe dalla is eadh iad. Agus má threoruigheann dall dall eile, tuitfid araon sa díg.


Agus d’fhreagradar Íosa, agus adubhradar. Ní fhuil a fhios againn. Agus adubhairt seisean leo, Ní mó inneosad‐sa dhaoibh‐se cia an t‐ughdarás atá agam chum na neithe seo do dhéanamh.


Agus tharla, tar éis trí lá, go bhfuaradar é sa teampall ’n‐a shuidhe i measc na n‐ollamh, ag éisteacht leo agus ag cur ceisteann ortha:


Agus tháinig daoine áirithe anuas ó Iúdaea, agus do bhíodar ag teagasc na mbráithreach, g‐á rádh, Muna dtimcheall‐ghearrthar sibh de réir reachta Mhaoise, ní féidir bhúr slánú.


Ag maoidheamh as a n‐eagna dhóibh do‐rinneadh amadáin díobh,


Is é rud ba mhian liom a chlos uaibh, An ó oibreachaibh dlighe nó tré theachtaireacht an chreidimh fuair sibh an Spiorad?


Uime sin an té do‐bheir an Spiorad daoibh, agus do‐ghní míorbhailtí ’n‐bhur measc, an tré oibreachaibh an dlighe, nó tré theachtaireacht an chreidimh do‐ghní?


Innsidh dhom, sibh‐se gur mian libh bheith fá’n dlighe, nach n‐airigheann sibh an dlighe?


atá sé lán d’uabhar, ní fhuil aon eolas aige; acht atá sé ar mearbhall fá cheisteannaibh, agus fá fhoclaibh achrannacha, ó n‐a bhfásann formad, aighneas, masla, droch‐amhras,


mná bhíos ag síor‐fhoghlaim gan a bheith ar chumas dóibh teacht ar eolas na fírinne.


Ná bíodh mórchuid díbh ’n‐bhur lucht teagaisc, a bhráithre, agus a fhios agaibh gur troime‐de an breitheamhnas gheobhaimíd d’á bhárr.


Acht scriosfar iad ’n‐a dtruailliú féin mar ainmhidhthe brúideamhla do réir dúthchais, do chruthuigheadh chum bheith gabhtha agus scriosta, ag labhairt dóibh go masluightheach ar neithibh nach dtuigid,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí