Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Iósua 4 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil IV. Do thogbhadar clocha‐cuimhne ar mhaitheas De, as lár Iordan.

1 Agus tárla, a nuáir do chuáidh an pobal uile go hiomlán tar Iordan, gur labhair an TIGHEARNA re Iosua, dha radh,

2 Glacsa dhá fhear dhéag as an bpobal, fear as gach éaintreibh,

3 Agus aithin díobh, ghá rádh, Beiridhsi libh as so as lar Iordan, as a náit ar sheasadar go daingean, cosa na sagart dá chloich dhéag, agus béarthaói libh a nonn íad, agus fáguidh íad san náit fosadh, a mbéid na loistinídhe a nochd.

4 Ann sin do ghoir Iosua an dá fheardhéag, noch do órduigh sé do chloinn Israel, fear as gach éantreibh:

5 Agus a dubhairt Iosua ríu, Eirgidhe thairis roimhe aírc bhur TTIGHEARNA Dé go meadhon Iordan, agus tóghhuidh súas gach éanduine aguibh cloch ar a ghúaluinn, do reir uibhre threabh chloinne Israel:

6 Ionnus go mbiáidh so na chomhartha aguibh, ionnus a nuair fhiafrochuid bhur cclann dá naithribh annsa naimsir thiocfas, gha rádh, Cread is ciall daóibh an sna clochuibhsi?

7 Ann sin freagorthaói dhóibh, Gurob iad uisgidhe Iordan do gearradh amach roimhe aírc chunartha an TIGHEARNA; a nuáir do chúaidh tar Iordan, gur gearradh uisgidhe Iordan: agus béidh na clochasa mar chuimhne do chloinn Israel go bráth.

8 Agus do rinneadar clann Israel mar do aithin Iosua dhíobh, agus do thogbhadar súas dhá chloich dhéag as lár Iordan, mar a dúbhairt an TIGHEARNA re Iosua, do réir uibhre threabha chloinne Israel, agus rugadar léo a nonn íad gus a náit ar fhosadar, agus do léigeadar ar lár ann sin íad.

9 ¶ Agus do chuir Iosua dhá chloich dhéag na seasamh a lár Iordan, san náit ar sheasadar cosa na sagart do iomchuir airc an chunartha: agus atáid ansin gus a niugh.

10 ¶ Oir do sheasadar na sagairt do iomchuir a náirc a lár Iordan, nó gur críochnuigheadh gach éinní dar aithin an TIGHEARNA do Iosua do labhairt ris an bpobal, agus do réir a nuile neithe dar aithin Maóise do Iosua: agus do rinneadar an pobal deithfir agus do chúadar thairis.

11 Agus tárla, a núair do chúadar cách uíle go hiomlán a nonn, go ndeachuidh airc an TIGHEARNA thairis, agus na sagairt, a bhfiaghnuisi an phobuil.

12 Agus do chúadar clann Reuben, agus clann Ghad, agus leath threibhe Mhanasseh, armtha thairis roimhe chloinn Israel, mar do labhair Máoise riú:

13 Timchioll cheathrachad míle, ullamh chum cogaidh do chuaídh thairis roimhe an TTIGHEARNA, chum catha go réitéach Iericho.

14 ¶ Ansa ló sin do méaduigh an TIGHEARNA Iosua a radharc Israel uile; agus do bhí eagla aca roimhe, mar do bhí roimhe Mhaóise, ar feadh laéthe a bheatha.

15 ¶ Agus do labhair an TIGHEARNA re Iosua, dhá rádh,

16 Aithín do na sagartuibh iomchras aírc na fiadhnuisi, go ttigdis súas as Iordan.

17 Do aithin Iosua uimesin do na sagartuibh, ghá rádh, Tigidh a níos as Iordan.

18 Agus tárla, a núair thangadar na sagairt súas noch diomchuir aírc chunnartha an TIGHEARNA as lár Iordan, agus ar éirgheadar buinn cos na sagart súas ar talamh thirim, gur fhilleadar uisgidhe Iordan ann a náit féin, agus gur thuiligheadar tar a brúachuibh uile, mar do rinneadar roimhe.

19 ¶ Agus tangadar an pobal súas as Iordan an deachmhadh lá don chédmhí, agus do rinneadar foslungphort ann Gilgal, ansa nimeal shoir do Iericho.

20 ¶ Agus do chuir Iosua na seasamh a Ngilgal an dá chloich dhéugso, rugadar léo as Iordan.

21 Agus dó labhair sé ré cloinn Israel, ghá rádh, A núair fhiafrochuid bhur gclann dá naithribh san naimsir atá teachd, ghá rádh, Cread is cíall do na clochuibhsi?

22 Annsin do bhéarthaoi a fhios dhá bhur ccloinn, ghá rádh, Tháinic Israel a nall tar an Iordanso ar thalamh tirim.

23 Oír do thiormuigh bhur TTIGHEARNA Día uisgidhe Iordan romhuibhsi, nó go ndeachabhair thairis, amhuil do rinne bhur TTIGHEARNA Día ris an muir Rúaidh noch do thiormuidh sé romhuinn, no go ndeachamar thairis:

24 Iondus go mbía a fhios ag dáoinibh an domhúin uile, air lámh an TIGHEARNA, go bfuil láidir: chor go mbíadh eagla bhur TTIGHEARNA Dé go bráth oruibh.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí