Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 4:18 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Agus tárla, a núair thangadar na sagairt súas noch diomchuir aírc chunnartha an TIGHEARNA as lár Iordan, agus ar éirgheadar buinn cos na sagart súas ar talamh thirim, gur fhilleadar uisgidhe Iordan ann a náit féin, agus gur thuiligheadar tar a brúachuibh uile, mar do rinneadar roimhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

18 Agus nuair a tháinig na sagairt a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna aníos as an Iordáin, a luaithe a leagadh boinn chosa na sagart ar an talamh tirim, d'fhill uiscí na Iordáine ar a leaba agus shníodar ar aghaidh mar a dhéanaidís riamh. 18b Tháinig an pobal aníos as an Iordáin ar an deichiú lá den chéad mhí agus shuíodar a gcampa ag Gilgeál lastoir de Ireachó.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 4:18
8 Tagairtí Cros  

Is íad so chuáidh tar Iordan anonn san chéid mhí, a núair do chúaidh a thuile tar a bhrúachaibh uile; agus do chuireadar chum teithmhe muinntir na ngleann uile, aráon don noirthear, agus don níarthar.


Agus rachaidh sé thríd Iúdah; tuileochaidh sé agus rachaidh thairis, roichfidh sé go nuige an muinéul; agus líonfuidh leathnughadh a sciathán amach leithead do dhúithchesi, ó Immanuel.


Agus tiocfaidh a ccrích ar ball, a ccuirfid na sagairt iomchras aírc an TIGHEARNA, Tighearna na talmhan uile, boinn a ccos a nuisgidhibh Iordan, go ngearrfuighear uisgidhe Iordan ó na huisgidhibh thig a núas as a náit shúas; agus seasfuid na gcarn ar á chéile.


Agus ar tteachd don luchd do iomchuir a náirc go Iordan, agus ar ttumadh cos na sagart do iomchuir an náirc a mbrúach a nuisge, (óir tulighidh Iordán a bhruacha uile feadh aimsire an fhoghmhair,)


Agus tárla, a núair do chúadar cách uíle go hiomlán a nonn, go ndeachuidh airc an TIGHEARNA thairis, agus na sagairt, a bhfiaghnuisi an phobuil.


Do aithin Iosua uimesin do na sagartuibh, ghá rádh, Tigidh a níos as Iordan.


¶ Agus tangadar an pobal súas as Iordan an deachmhadh lá don chédmhí, agus do rinneadar foslungphort ann Gilgal, ansa nimeal shoir do Iericho.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí