Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 4:12 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus do chúadar clann Reuben, agus clann Ghad, agus leath threibhe Mhanasseh, armtha thairis roimhe chloinn Israel, mar do labhair Máoise riú:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Ghabh na Reúbaenaigh, na Gádaigh, agus leath-threibh Mhanaise anonn faoi airm roimh chlann Iosrael amach mar a d'ordaigh Maois dóibh.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 4:12
9 Tagairtí Cros  

Ach do thréoruídh Dia an pobal fá ccuáirt tré shlighe fhásuigh na Mara ruáidhe: agus do chúadar clann Israel suás ughmuighthe amach as crích na Hégipte.


¶ Do chlannuibh Gad, do réir a nginealach do réir a muinteara, as tighe a naithreadh, do réir uibhre a nanmann, ó fhichid bliadhan daóis agus os a chionn, an mhéid do bhí iondul amach a gcogadh;


Achd rachfam féin réidh armtha roimhe chloinn Israel, nó go mbeiream dá náit íad: agus coimhneochuid ar náos óg annsna caithreachuibh daingne ar eagla áitreabhach na tíre.


¶ Agus do aithin misi dháoibh a nuairsin, dhá rádh, Thug an TIGHEARNA bhur Ndía an fearannsa dháoibh dá shealbhughadh: rachtháoi thairis armtha a lathair bhur ndearbhráithreach clann Israel, a nuile dhuine dá bhfuil iomchubhaibh chum an chogaidh.


Agus do ghléus sé an chéadchuid do féin, do bhrígh gur, a roinn an dlightheanuígh, do shuigheadh annsin é; agus tháinic sé maille ré ceannuibh an phobuil, do chuir sé ceart an TIGHEARNA, a néifeachd, agus a bhreitheamhnuis ré Hisrael.


Fanfuid bhur mná, bhur ndaóine beaga, agus bhur náirnéis, ansa dúithche thug Maóise dhíbh don táobhso do Iordan; ach rachthaoi féin thairis armtha roimhe bhur ndearbhráithríbh, gach a bhfuil láidir aguibh, agus cuideochtháoi léo;


Agus tárla, a núair do chúadar cách uíle go hiomlán a nonn, go ndeachuidh airc an TIGHEARNA thairis, agus na sagairt, a bhfiaghnuisi an phobuil.


Timchioll cheathrachad míle, ullamh chum cogaidh do chuaídh thairis roimhe an TTIGHEARNA, chum catha go réitéach Iericho.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí