Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 4:11 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus tárla, a núair do chúadar cách uíle go hiomlán a nonn, go ndeachuidh airc an TIGHEARNA thairis, agus na sagairt, a bhfiaghnuisi an phobuil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 agus nuair a bhí an pobal go léir dulta anonn, ghabh áirc an Tiarna anonn, agus na sagairt ag ceann an phobail.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 4:11
7 Tagairtí Cros  

Oír ní rachthaói amach lé deithnios, agus ní imtheochtaoi lé teitheamh: óir rachaidh an TIGHEARNA romhuibh; agus budh é Día Israel chruinneochus sibh.


Agus do chúadhbhair tar Iordan, agus tangabhair go Iericho: agus do throideadar fir Iericho bhur naghaidh na Hamorítigh, agus na Perisítigh, agus na Canaanítigh, agus na Hititigh, agus na Girgasítígh, agus na Hibhitigh, agus na Iebusitigh; agus thug misi ann bhur lámhuibh íad.


Agus gur sheasadar na sagairt do iomchuir aírc chunartha an TIGHEARNA daingean ar talamh tirim a lár Iordan, agus go ndeachadar clanna Israel uile thairis air talumh tirim, nó go ndeachadar an pobal uile go hiomlán tar Iordan.


Agus aitheona tú do na sagartuibh iomchras airc an chunartha, ga rádh, A núair thiucfuidhe go brúach uisge Iordan, seasfuidhe bhur ccomhnuighe an Iordan.


¶ Oir do sheasadar na sagairt do iomchuir a náirc a lár Iordan, nó gur críochnuigheadh gach éinní dar aithin an TIGHEARNA do Iosua do labhairt ris an bpobal, agus do réir a nuile neithe dar aithin Maóise do Iosua: agus do rinneadar an pobal deithfir agus do chúadar thairis.


Agus do chúadar clann Reuben, agus clann Ghad, agus leath threibhe Mhanasseh, armtha thairis roimhe chloinn Israel, mar do labhair Máoise riú:


Agus tárla, a núair thangadar na sagairt súas noch diomchuir aírc chunnartha an TIGHEARNA as lár Iordan, agus ar éirgheadar buinn cos na sagart súas ar talamh thirim, gur fhilleadar uisgidhe Iordan ann a náit féin, agus gur thuiligheadar tar a brúachuibh uile, mar do rinneadar roimhe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí