Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 4:10 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 ¶ Oir do sheasadar na sagairt do iomchuir a náirc a lár Iordan, nó gur críochnuigheadh gach éinní dar aithin an TIGHEARNA do Iosua do labhairt ris an bpobal, agus do réir a nuile neithe dar aithin Maóise do Iosua: agus do rinneadar an pobal deithfir agus do chúadar thairis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Sheas na sagairt a bhí ag iompar na háirce i leaba na Iordáine nó go raibh gach ní curtha i gcrích dár aithin an Tiarna do Iósua a insint don phobal de réir gach ní dár ordaigh Maois do Iósua. Ghabh an pobal anonn faoi dheifir

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 4:10
14 Tagairtí Cros  

Do rinne mé deithfir, agus ní dhéarnas faillighe haithéanta do choimhéad.


Agus do bhruitheadar bairgheana gan laibhín don táos noch thugadar leó amach as a Négipt, óir ní raibh laibhín air: óir do dingeadh amach as a Négipt íad, agus níor fhéadadar fuireach, ní mó do ullmhuigheadar bíadh ar bith dhóibh féin.


Na maóidh thú féin as an lá a márach; óir ní fheidir tú cred do bhéaradh lá leis.


Gidh bé ní gheabhas do lámh ré a dhéanamh, déan é red dhithchioll; óir ni bhfuil obair, nó tionnsgnamh, nó éolus, nó eagna, ann sa nuáigh, mar a racha tú.


¶ Ar a nadhbharsin is marso a deir an Tighearna DIA, Féuch cuirfidh mé cloch a Sion mar bhunáit, cloch dhearbhtha, cloch mhórluáigh chuáinne, bunáit dhaingean: an té chreidios ní dhéana sé deithnios.


(Oír a deir sé, Do éisd mé riot a nám iomchubhaidh, agus a ló an tslánaighthe tug mé cabhair dhuit: féuch, a nois an tam iomchubhaidh; féuch, a nois lá an tslánaighthe.)


¶ Agus do scríobh Maóise an dlígheadhsa, agus thug do na sagartuibh é do chloinn Lebhi, noch do iomchair airc chunnartha an TIGHEARNA, agus do sheannibh Israel uile.


Agus do chúadhbhair tar Iordan, agus tangabhair go Iericho: agus do throideadar fir Iericho bhur naghaidh na Hamorítigh, agus na Perisítigh, agus na Canaanítigh, agus na Hititigh, agus na Girgasítígh, agus na Hibhitigh, agus na Iebusitigh; agus thug misi ann bhur lámhuibh íad.


Agus tiocfaidh a ccrích ar ball, a ccuirfid na sagairt iomchras aírc an TIGHEARNA, Tighearna na talmhan uile, boinn a ccos a nuisgidhibh Iordan, go ngearrfuighear uisgidhe Iordan ó na huisgidhibh thig a núas as a náit shúas; agus seasfuid na gcarn ar á chéile.


Agus tárla, a núair do chúadar cách uíle go hiomlán a nonn, go ndeachuidh airc an TIGHEARNA thairis, agus na sagairt, a bhfiaghnuisi an phobuil.


¶ Agus do chuir Iosua dhá chloich dhéag na seasamh a lár Iordan, san náit ar sheasadar cosa na sagart do iomchuir airc an chunartha: agus atáid ansin gus a niugh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí