Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 4:9 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 ¶ Agus do chuir Iosua dhá chloich dhéag na seasamh a lár Iordan, san náit ar sheasadar cosa na sagart do iomchuir airc an chunartha: agus atáid ansin gus a niugh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Ansin chuir Iósua dhá chloch déag ina seasamh i leaba na Iordáine, mar ar luigh cosa na sagart a d'iompar an áirc; tá siad ansiúd go dtí an lá atá inniu ann.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 4:9
16 Tagairtí Cros  

Agus do ghoir seision Sébah dhe; uime sin as Beerséba as ainm don chathruigh ó sin a leith.


Agus do éirigh Iácob go moch ar maidin, agus do thóg an chloch do chuirsé mar adhairt, agus do chuair súas í mar philéir, agus do dhóirt ola ar a mullach.


Agus do theitheadar na Beerotitigh go Gittaim, agus do chomhnuigheadar ann sin gus a niugh.


Agus do thóg Elias dhá chloich dhéug, do reír uibhre threabh mhac Iacob, chum a ttáinic bríathar an TIGHEARNA, gha rádh, Israel bhus ainm dhuit:


Agus do thairngeadar amach maideadha na háirce, chor go bhfaicthi cinn na maídeadh amach ón airc as coinne an noracuil; acht ní facus amuigh íad. Agus atáid annsin gus a niugh.


Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Tárr chugamsa suas ar a tslíabh, agus bí ann sin: agus do bhéura misi claír chloiche dhuit, agus dligheadh, agus aitheanta do scriobh mé: ionnus go múinfe tusa dhóibh iád.


Agus béid na clocha maille re hanmannuibh chloinne Israel, a dó dhéag, do réir a nanmann, amhail ghrábhail shignéid; gach áon díobh lé na ainm, beid do réir án dá threibh dhéag.


Ar a nadhbharsin goirthear don fhearunn úd, Fearann na fola, gus a niugh.


Agus ar nghabháil an airgid dóibhsion, do rinneadar mar do múineadh dhoibh: agus aithrisdior an glorsa a measg na Níuduigheadh go soithe an lá a niugh.


Agus do adhluic sé é a ngleann a ttir Mhoab, thall as coinne Bhetpeor: ach ní bhfuil fios a thúma ag éanduine gus a niugh.


¶ Agus do scríobh Iosua na briathraso a leabhar dhlighe Dé, agus do thóg cloch mhór, agus do chuir na seasamh annsin í faói dharuigh, do bhí láimh ré sanctora an TIGHEARNA.


¶ Oir do sheasadar na sagairt do iomchuir a náirc a lár Iordan, nó gur críochnuigheadh gach éinní dar aithin an TIGHEARNA do Iosua do labhairt ris an bpobal, agus do réir a nuile neithe dar aithin Maóise do Iosua: agus do rinneadar an pobal deithfir agus do chúadar thairis.


Agus do chúaidh an tóglach go dúithche na Hititeach, agus do thóg cathair, agus do ghoir Lus dainm dhi: sé sin is ainm dhi gus a niugh.


Agus do bhí sé marsin ón lósin amach, go ndéarna sé statúid dhe agus ordughadh Disrael gus a niugh.


Ann sin do thóg Samuel cloch, agus do shuighidh í eidir Mhispeh agus Shen, agus do ghoir Eben‐eser dainm dhi, gha rádh, Go nuige so do chuidigh an TIGHEARNA sinn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí