Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 4:14 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 ¶ Ansa ló sin do méaduigh an TIGHEARNA Iosua a radharc Israel uile; agus do bhí eagla aca roimhe, mar do bhí roimhe Mhaóise, ar feadh laéthe a bheatha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

14 An lá úd rinne an Tiarna gaiscíoch de Iósua i súile Iosrael go léir; bhí eagla orthu roimhe faoi mar a bhí roimh Mhaois gach lá dá shaol.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 4:14
14 Tagairtí Cros  

Agus do chúala Israel uile an bhreath rug an rígh; agus do bhí eagla an rígh orra: óir do chonncadar go raibh gliocus Dé ann, do dhéanamh breitheamhnuis.


Agus an tan do chonncadar mic na bhfágh noch do bhí ag feitheamh an Iericho é, a dubhrádar, Dfan spiorad Elias air Elisa. Agus thangadar na choinne, agus do chlaonadar íad féin go talumh dá láthair.


Agus do mhéuduigh an TIGHEARNA Solamh go hanmhór a radhairc Israel uíle, agus do bhronn sé dhó a leithéid sin do ríoghamhlachd nach raibh im éain rígh roimhe a Nisrael.


Mar an gcéadna ann Iúdah do bhí lámh Dé lé háonchroidhe amháin do thabhairt dóibh do choimhlíonadh aithne an rígh agus na bprionnsadh, re breithir an TIGHEARNA.


Agus tug an TIGHEARNA fabhar don phobal a radharc na Négipteach. Os a chionn sin do bhí an tóglach Maóise, ro mhór a ccrích na Hégipte, a radharc mhuinntire Phárao, agus a suilibh an phobuil.


Agus do chonnairc Israel a nobair mhór sin do rinne an TIGHEARNA ar na Hégiptibh: agus do bhi eagla an TIGHEARNA ar an bpobal, agus do chreideadar an TIGHEARNA, agus a sherbhíseach Maóise.


A mhic, imeagluidhsi an TIGHEARNA, agus an rígh: agus ná bean ris na dáoinibh sóghluáisde:


Oír a sé searbhfhoghantuidhe Dé é chum do mhaitheasasa. Achd dá ndéarnaidh tú olc, bíodh eagla órt; óir ní go diomháoineach iomchras sé an cloidheamh: óir a sé searbhfhoghantuidhe Dé é, na dhioghaltóir feirge ar an tí do ní olc.


Agus gur baisdeadh íad uile lé Máoisi sa néull agus sa bhfáirrge;


¶ Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Iosua, A niugh thoiseochus mé ar thusa oirdherceadh a measg Israel uile, chor go mbía a fhios aca, mar do bhí mé le Maóise, go mbía mé mar sin leachdsa.


Timchioll cheathrachad míle, ullamh chum cogaidh do chuaídh thairis roimhe an TTIGHEARNA, chum catha go réitéach Iericho.


¶ Agus do labhair an TIGHEARNA re Iosua, dhá rádh,


¶ Mar sin do ghoir Samuel ar an TTIGHEARNA; agus do chuir an TIGHEARNA tóirneach agus fearthuinn an lá sin: agus do ghabh eagla mhór an pobal uile roimhe an TTIGHEARNA agus roimhe Shamuel.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí