Iósua 13 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil XIII. Cuid ronna Reuben. 24 Gad, 29 agus leíth thréibh Mhanasseh. 1 Annois do bhí Iosua sean, agus ársuidh, a mblíadhnuibh; agus a dubhairt an TIGHEARNA ris, Atá tusa foirfe agus ársuidh a mbliaghnuibh, agus atá fós romhóran talmhan re sealbhughadh. 2 Sé so fearann atá fós ré a bhuain amach: imle na Bhfilistíneach uile, agus Gesúri go hiomlán, 3 O Shihor, noch atá as coinne na Hégipte, air fad go himlibh Ecron budh thúaidh, noch áirmhithior do na Canaanítibh: cuig Tighearnuigh na Bhfilistineach; na Gasatitigh, agus na Hasdotítigh, na Hescalonítigh, na Gittitigh, agus na Hecronítigh; mar an gcéadna na Habhitigh: 4 On taóibh ó dheas, dúithche na Gcanaaníteach uile, agus Méarah atá re táobh na Sidoníanach, go Haphec, go himlibh na Namoriteach: 5 Agus dúthaigh na Ngibliteach, agus Lebanon uile, leath re héirghe gréine, ó Bhaalgad faói shlíabh Hermon go dul a steach go Hamat. 6 Dúthchusuigh thíre na ccnoc uíle ó Lebanon go Misrepot‐maim, agus na Sidónianuigh uile, cuirfe mé íad sin amach roimhe chloinn Israel: amhaim roinnsi le crannchar é do Israel mar oighreachd, mar do aithin misi dhíot. 7 Annois ar a nadhbharsin rannsa an feárannso mar oighreachd idir na náoi ttreabhuibh, agus leiththreibh Mhanasseh, 8 Oír is mar áon ríu do ghabhadar na Reubenítigh agus na Gadítigh a noighreachd, noch thug Máoise dhoibh, taobh thall do Iordan leath shoir, eadhon mar thug Máoise óglach an TIGHEARNA dhóibh; 9 O Aroer, atá ar bhrúach na habhanna Arnon, agus an chathair atá a lár na habhánna, agus réiteach Mhedeba uile go Díbon; 10 Agus uile caithreacha Shihon rígh na Namoríteach, noch do ríaghluidh ann Hesbon, go teóruinn chloinne Ammon; 11 Agus Gílead, agus teóra na Ngesuriteach agus na Maachatíteach, agus slíabh Hermon uile, agus Basan uile go Sálcah; 12 Agus rioghachd Og uile a Mbásan, noch ba rígh ann Astárot agus an Edrei, noch do mhair dfuighioll na naitheach: óir is íadso do bhúail Máoisi, agus do theilg sé amach. 13 Gidheadh níor scriosadar clann Israel na Gesurítigh, ná na Maachatitigh: atáid na Gesurítigh agus na Maachátitigh na gcoimhnuighe a measc Israel gús a niugh. 14 Amháin do threibh Lébhí ní thug sé oighreachd; sé a noighreachdsan iodhbartha an TIGHEARNA Dé Israel déanta lé teinidh, mar a dubhairt sé ríu. 15 ¶ Agus thug Máoise do threibh chloinne Réuben oighreachd do réir a muintear. 16 Agus do bé a tteóra ó Aroer, atá ar bhrúach na hamhanna Arnon, agus an cathrigh atá a lár na hamhanna, agus réiteach Mhedéba uile; 17 Hesbon, agus a caithreacha uile atá annsa reiteach; Díbon, agus Bamot‐baal, agus Bet‐baal‐meon, 18 Agus Iahasah, agus Cedemot, agus Mephaat, 19 Agus Círiataim, agus Sibmah, agus Saretsahar a slíabh an ghleanna, 20 Agus Betpeor, agus Asdot‐pisgah, agus Bet‐iesimot, 21 Agus caithreacha an réitigh uile, agus rioghachd Sihon rígh na Namoríteach uile, noch do rioghuidh ann Hesbon, noch do bhúail Máoisi maille re prionsadhuibh Mídian, Ebhi, agus Recem, agus Sur, agus Hur, agus Reba, duibhcidhe Sihon, dáitreabhuidh annsa tír. 22 Balaam fós mhac Beor, an fear fáistine, noch do mharbhadar clann Israel leis an gcloidheamh a measc an mheíd do mharbhadh leó. 23 Agus do bí téora chloinne Reuben Iordan, agus a bruach. Do bí so oighreachd chloinne Reuben do reír a muintear, a ccaithreacha agus a mbailte. 24 ¶ Agus thug Máoise oighreachd do threibh Gad, eadhon do chloinn Ghad do réir a muintear. 25 Agus do bé a tteóra Iaser, agus caithreacha Ghílead uile, agus leath dúithche chloinne Ammon, go Haroer atá ás coinne Raabah; 26 Agus ó Hesbon go Ramat‐mispeh, agus go Betonim; agus ó Mhahanaim go brúach Debir; 27 Agus annsa ghleann, go Betaram, agus Betnimrah, agus Succot, agus Saphon an chuid oile do rioghachd Shihon rígh Hesbon, Iordan agus a bruach, eadhon go húir fhairge Chinnerot ar an ttáobh oile do Iordan leath shoir. 28 Si so oighreachd chloinne Gad do reír a muinntear, agus a ccaithreacha, agus a mbáilte. 29 ¶ Agus thug Máoise oighreachd do leththreibh Mhanasseh: agus do bé so sealbh leiththreibhe Mhanasseh do reír a muintear. 30 Agus dob í a tteóra ó Mhahanaim, Básan uile, rioghachd Og rígh Básan uile, agus bailte Iair uile, noch atá ann Básan, trí fichthid cathair: 31 Agus leath Gílead, agus Astárot, agus Edrei, caithreacha do rioghachd Og a Mbásan, noch do bhain re cloinn Mhachir mhíc Manasseh, eadhon do leath chloinne Machir do réir a mumtear. 32 Siad so na tíortha do rann Máoise mar oighreachd a réiteach Moab, don táoibh oile do Iordan, láimh ré Iericho, leath shoir. 33 Acht do threibh Lebhi ni thug Máoise oighreachd air bith: Do be an TIGHEARNA Día Israel a noighreachdsan, mar a dubhairt sé riú. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society