Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 13:6 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Dúthchusuigh thíre na ccnoc uíle ó Lebanon go Misrepot‐maim, agus na Sidónianuigh uile, cuirfe mé íad sin amach roimhe chloinn Israel: amhaim roinnsi le crannchar é do Israel mar oighreachd, mar do aithin misi dhíot.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 An mhuintir go léir atá ag cur fúthu sna hardáin ón Liobáin siar go Misreafot Maím, na Síodónaigh go léir, tiomáinfidh mé amach iad roimh Iosrael; ach déansa an talamh a roinnt ar cranna ar chlann Iosrael mar oidhreacht, faoi mar a d'ordaigh mé duit.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 13:6
13 Tagairtí Cros  

Thug tú fíneamhuin as an Négipt: do theilgis amach na cineadhacha, agus do chuir tú í.


Agus roinnfidhe an fearann lé crannchar mar oighreachd a measc bhur ttreabha: agus don luchd is mó do bhéurtháoi an chuid ís mó do noighreachd, agus don luchd is lugha do bhéartháoi an chuid is lugha do noighreachd: biáidh oighreachd gach éanduine mar a ttuitfidh a chrannchar; do reír tréabha bhur naithreadh do gheabhthaoi oighreachd.


Bí láidir agus lánchródha: óir roinnfe tú ar an bpobalsa maroighreachd an fearann, do gheall mé dá naithribh do thabhairt dóibh.


¶ Agus do ghabh Iosua caithreacha na ríghtheadh sin uile, agus a ríghthe uile, agus do bhuáil íad lé fáobhar au chloidhimh, agus do scrios thrid amach íad, mar do aithin Maóise seirbhíseach an TIGHEARNA.


Agus do thoirbhir an TIGHEARNA a láimh Israel íad, noch do bhuáil íad, agus do mhadhmuigh orra go Sídon mhóir, agus go Misrepot‐maim, agus go gleann Mispeh shoir; agus do bhuáileadar íad, no gur fhágbhadar gan áon béo dhíobh.


Annois ar a nadhbharsin rannsa an feárannso mar oighreachd idir na náoi ttreabhuibh, agus leiththreibh Mhanasseh,


Biodh a fhios aguibh go dearbhtha nach gcuírfidh bhur TTIGHEARNA Dia ní sa mó éainneach do na cineadhachaibhsi amach romhuibh; ach béid na bpaintéaruibh agus na ndúluibh dhaóibh, agus na scíursaidhibh ann bhur ttáobhuibh, agus na ndealguibh ann bhur súilibh, nó go nimithid seachad as an ndúithche mhaithsi thug bhur TTIGHEARNA Día dhaóibh.


Féachuidh, do roinn me oruibh le crannchar na cineadhachasa mhairios, dá mbeith mar oighreachd ag bhur ttreabhuibh, ó Iordan, maille ris na huile chmeadhachaibh dar gheárr mé amach, go nuige an nfairge mhóir don táoibh shíar.


¶ Agus díbeoruidh bhur TTIGHEARNA Día romhuibh íad, agus thiomáinfidh se as bhur radharc íad; agus sealbhochthaoise an dúithche mar do gheall bhur TTIGHEARNA Día dhaóibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí