Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 13:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 An mhuintir go léir atá ag cur fúthu sna hardáin ón Liobáin siar go Misreafot Maím, na Síodónaigh go léir, tiomáinfidh mé amach iad roimh Iosrael; ach déansa an talamh a roinnt ar cranna ar chlann Iosrael mar oidhreacht, faoi mar a d'ordaigh mé duit.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Dúthchusuigh thíre na ccnoc uíle ó Lebanon go Misrepot‐maim, agus na Sidónianuigh uile, cuirfe mé íad sin amach roimhe chloinn Israel: amhaim roinnsi le crannchar é do Israel mar oighreachd, mar do aithin misi dhíot.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 13:6
13 Tagairtí Cros  

Cuir ar ais sinn, a Thiarna na slua; taispeáin dúinn do ghnúis ghrianmhar, dár saoradh.


Ní foláir daoibh é a roinnt ar cranna idir bhur bhfiní. D'fhine mór tugaigí oidhreacht bhreise, agus d'fhine beag oidhreacht níos lú. Mar a dtitfidh an crann, do gach duine, sin é a bheidh aige. Bíodh bhur n‑oidhreacht agaibh de réir na dtreibheanna sinseartha.


Bíodh neart ionat agus misneach agat, mar an tír seo a mhionnaíos dá n‑aithreacha a thabharfainn dóibh, is tusa a chuirfidh é i seilbh an phobail seo mar oidhreacht.


Ghabh Iósua cathracha na ríthe sin go léir agus a ríthe go léir; d'imir sé faobhar claímh orthu agus iad curtha faoin mbang, faoi mar a d'ordaigh Maois óglach an Tiarna.


Thug an Tiarna ar láimh d'Iosrael iad; bhriseadar orthu agus chuadar sa tóir orthu siar chomh fada le Síodón Mhór agus Misreafot Maím agus soir chomh fada le Gleann Mhizpeá. Bhíodar á bpleancadh go dtí nár fágadh fear inste scéil díobh.


Ní cás duit anois dá bhrí sin an fearann seo a roinnt ar na naoi dtreibheanna agus ar leath-threibh Mhanaise. [Tabhair dóibh ón Iordáin siar chun na Farraige Móire; beidh an Fharraige Mhór mar theorainn acu.]”


bíodh a fhios agaibh go dearfa nach leanfaidh an Tiarna bhur nDia air ag díbirt na gciníocha seo romhaibh; beidh siad mar ghaiste agus mar shlogaide agaibh, mar sciúirse ar bhur maotháin agus mar dhealg in bhur súile go dté sibh ar ceal ón tír fhónta seo a thug an Tiarna daoibh.


Dháil mé oraibh, mar oidhreacht do bhur dtreibheanna, na ciníocha atá fós gan cloí chomh maith leo sin go léir a scrios mé idir an Iordáin agus an Fharraige Mhór thiar.


Déanfaidh an Tiarna bhur nDia iad a thiomáint amach romhaibh, agus iad a dhíbirt ó bhur láthair, agus gheobhaidh sibh seilbh ar an talamh mar a gheall an Tiarna bhur nDia daoibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí