Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 13:7 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Annois ar a nadhbharsin rannsa an feárannso mar oighreachd idir na náoi ttreabhuibh, agus leiththreibh Mhanasseh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Ní cás duit anois dá bhrí sin an fearann seo a roinnt ar na naoi dtreibheanna agus ar leath-threibh Mhanaise. [Tabhair dóibh ón Iordáin siar chun na Farraige Móire; beidh an Fharraige Mhór mar theorainn acu.]”

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 13:7
12 Tagairtí Cros  

Agus thug sé dhóibh fearann na gcineadhach: agus do ghabhadar sáothar na ndaoine mar oighreachd;


Agus do theilg amach rompa na geintighe fós, agus do roinn sé oighreachd dóibh re crannchaír, agus thug air threabhuibh Israel áitriughadh iona nionad suidhe.


Tuilleamh oile, an tan roinnfidhe le crannchar an tír mar óighreacht, ofráilfidhe ofráil don TIGHEARNA, roinn náomhtha do nfearann: budh é a fhad cúig míle fhithchiod slat, agus budh é a leithead deich míle. Agus biáidh so náomhtha iona uile theorannuibh timchioll fa ccuáirt.


Agus roinnfidhe an fearann lé crannchar mar oighreachd a measc bhur ttreabha: agus don luchd is mó do bhéurtháoi an chuid ís mó do noighreachd, agus don luchd is lugha do bhéartháoi an chuid is lugha do noighreachd: biáidh oighreachd gach éanduine mar a ttuitfidh a chrannchar; do reír tréabha bhur naithreadh do gheabhthaoi oighreachd.


Agus do aithin Maóise do chloinn Israel, ghá rádh, Sí so an dúthuigh do gheabhtháoi a noighreachd le cranchar, noch do aithin an TIGHEARNA do thabhairt do na náoi ttreabhuibh, agus don leith threibh:


Dúthchusuigh thíre na ccnoc uíle ó Lebanon go Misrepot‐maim, agus na Sidónianuigh uile, cuirfe mé íad sin amach roimhe chloinn Israel: amhaim roinnsi le crannchar é do Israel mar oighreachd, mar do aithin misi dhíot.


Oír is mar áon ríu do ghabhadar na Reubenítigh agus na Gadítigh a noighreachd, noch thug Máoise dhoibh, taobh thall do Iordan leath shoir, eadhon mar thug Máoise óglach an TIGHEARNA dhóibh;


Le crannchar do bhí a noighreachd, mar do aithin an TIGHEARNA lé láimh Mhaóise, dona náoi treabhuibh, agus don leiththreibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí