Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 13:11 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus Gílead, agus teóra na Ngesuriteach agus na Maachatíteach, agus slíabh Hermon uile, agus Basan uile go Sálcah;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 agus Gileád agus dúiche na nGeasúrach agus na Mácátach, Sliabh Hearmón go léir agus Báiseán go léir go Salacá;

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 13:11
13 Tagairtí Cros  

Agus do shuigheadar síos dithe aráin, agus do thógbhadar súas a súile, agus do amhairceadar, agus féuch do tháinic cuideachda Ismaeliteach ó Ghilead gun a ccamhulluibh, ag iomchar spíosra, agus balma, agus mirra, ag imtheachd dá bhreith síos do Néigipt.


Agus do bhean sé dhíobh Gesur, agus Aram, maille re bailtibh Iáir, maráon re Cénat, gun a bhailtibh, eadhon tri fithchid cathair. Budh lé macaibh Mhachir athair Ghilead íad so uile.


¶ Agus do áitreabhadar clann Ghad as a ccomhair thall, a bhfearann Básan go nuige Salcah:


Agus a dubhairt Maóise riú, Má thiagaid clann Ghad agus clann Réuben libh tar Iordan, gach éanduine armtha chum catha, a lathair an TIGHEARNA, agus go ccloidhfighear an tír romhuibh; annsin do bheartháói tír Ghilead dhoibh mar sheilbh:


Caithreacha an réitigh uile, agus Gileád uile, agus Básan uile, go Salchah agus Edrei, caithreacha do rioghachd Og a Mbásan.


Agus chum an Chananítigh shoir agus shíar, agus chum an Namorítigh, agus chum an Hititigh, agus chum an Pherisitigh, agus chum an Iebusítigh annsna sléibhtibh, agus chum an Hibhitigh faói Hermon a ttír Mispeh.


Agus uile caithreacha Shihon rígh na Namoríteach, noch do ríaghluidh ann Hesbon, go teóruinn chloinne Ammon;


Sé so fearann atá fós ré a bhuain amach: imle na Bhfilistíneach uile, agus Gesúri go hiomlán,


Agus do bé a tteóra Iaser, agus caithreacha Ghílead uile, agus leath dúithche chloinne Ammon, go Haroer atá ás coinne Raabah;


Agus do thuit deich ccoda chum Manasseh, táobh amuich dfearann Ghíléad agus Básan, noch bhí ar an ttaóibh oile do Iordan;


Agus do chuadar cuid do na Heabhruidhibh a nonn tar Iordan go tír Ghad agus Ghíléad. Agus ar son Shauil, do bhí se fós a Ngilgal, agus do leanadar na dáoine uile é ar coimhchrith.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí