Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 13:14 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Amháin do threibh Lébhí ní thug sé oighreachd; sé a noighreachdsan iodhbartha an TIGHEARNA Dé Israel déanta lé teinidh, mar a dubhairt sé ríu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

14 Treibh Léiví amháin nach bhfuair oidhreacht; (na híobairtí loiscthe do) an Tiarna Iosrael a n‑oidhreacht faoi mar a dúirt sé leo.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 13:14
12 Tagairtí Cros  

Agus biáidh sé aca na oighreacht: is misi a noighreacht: agus ní thiubharthaoi séalbh ar bhith dhóibh a Nisrael: is misi a sealbh.


Iosfuid síad a nofráil bhídh, agus a nofráil pheacaidh, agus a nofráil sháruighthe; agus budh léosan a nuile ní iodhbartha a Nisrael.


Is uime sin nach bhfuil roinn nó oighreachd a bhfochair a dhearbhráithreachd ag Lébhi; sé an TIGHEARNA as oighreachd dó, do réir mar do gheall an TIGHEARNA do Dhía dhó.


Agus biáidh gáirdeachus oruibh a lathair an TIGHEARNA bhur Ndía, sibh féin, agus bhur mic, agus bhur ningheana, agus bhur nóglaoich, agus bhur mbanóglaóich, agus an Lebhíteach bhías táobh a stigh dá bhur ndoirsibh; do bhrígh nach bhfuil roinn nó oighreachd aige maille ribh.


¶ Tabhair haire dhuit féin nach ttréigfe tú an Lebhíteach an feadh mhairfeas tú ar an ttalamh.


Gidheadh níor scriosadar clann Israel na Gesurítigh, ná na Maachatitigh: atáid na Gesurítigh agus na Maachátitigh na gcoimhnuighe a measc Israel gús a niugh.


¶ Agus thug Máoise do threibh chloinne Réuben oighreachd do réir a muintear.


Acht do threibh Lebhi ni thug Máoise oighreachd air bith: Do be an TIGHEARNA Día Israel a noighreachdsan, mar a dubhairt sé riú.


Ach ni bhfuil roinn ag na Lebhítibh eadruibh; óir sí sagartachd an TIGHEARNA a noighreachdsan: agus fuáir Gad, agus Réuben, agus leiththreabh Mhanasseh, a noighreachd táobh thall do Iordan don taóibh shoir, noch thug Maóise óglach an TIGHEARNA dhóibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí