Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 13:31 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

31 Agus leath Gílead, agus Astárot, agus Edrei, caithreacha do rioghachd Og a Mbásan, noch do bhain re cloinn Mhachir mhíc Manasseh, eadhon do leath chloinne Machir do réir a mumtear.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

31 Tugadh leath Ghileád, Aistearót, Eidreí, agus cathrachta ríoga Óg i mBáiseán do Mhácaír mac Mhanaise, do leath-chlann Mhácaír de réir a bhfiní.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 13:31
14 Tagairtí Cros  

Do mhacaibh Gersom tugadh as muinntir leiththreibhe Mhanasseh, Gólan ann Básan gun a bailtibh, agus Astarot gun a bailtibh:


Is leamsa Gílead, agus is leam Manasseh; sé Ephraim fós neart mo chinn; Iudah mo dhlightheamhnach;


Agus láimh ré téoruinn Naphtali, ón táoibh shoir gus an dtaóibh shíar, cuid ronna do Mhanasseh.


Agus cósta Og rígh Básan, noch do bhí dfuighioll na naitheach do áitreabh an Astárot agus ann Edrei,


Agus rioghachd Og uile a Mbásan, noch ba rígh ann Astárot agus an Edrei, noch do mhair dfuighioll na naitheach: óir is íadso do bhúail Máoisi, agus do theilg sé amach.


Siad so na tíortha do rann Máoise mar oighreachd a réiteach Moab, don táoibh oile do Iordan, láimh ré Iericho, leath shoir.


Agus do thuit deich ccoda chum Manasseh, táobh amuich dfearann Ghíléad agus Básan, noch bhí ar an ttaóibh oile do Iordan;


Do bhrígh go bhfúaradar íngheana Mhanasseh oighreachd a measc a mhac: agus go bhfúaradar an chuid oile do mhacaibh Mhanasseh fearann Gilead.


Agus a nuile ní da ndéarna sé ré dhá rígh na Namoriteach, do bhí táobh thall do Iordan, ré Sihon rígh Hesbon, agus ré Og rígh Básan, noch do bhí ann Astárot.


¶ Agus do rinneadar clann Israel olc á rís a radharc an TIGHEARNA, agus do adhradar Báalim, agus dée Sídon, agus dée Mhóab, agus dée chloinne Ammon, agus dée na Bhphilistineach, agus do thréigiodar an TIGHEARNA, agus ní dhéarnadair serbhís do.


Do rinne Gílead comhnuighe taobh thall do Iordan: agus cred far fhan Dan a loingios? do rinne Aser comhnuighe ar thráidh na fairge, agus do fhan anna bhéarnuibh.


Agus do éighmheadar chum an TIGHEARNA, agus a dubhradar, Do pheacuigheamar, do bhrígh gur thréigeamar an TIGHEARNA, agus gur adhramar Báalim agus Astárot: achd a nois sáor sinn as lámhuibh ar námhad, agus do dhéanam seirbhís duit.


¶ Agus do labhair Samuel re tigh Israel uile, dha rádh, Má fhilltí chum an TIGHEARNA maille ré bhur gcroidhthibh go hiomlán, ann sinn cuiridh úaibh na dee coimhitheacha agus Astárot as bhur measc, agus ullmhuighidh bhur gcroidhthe chum an TIGHEARNA, agus déanuidh seirbhís dósan ámháin: agus sáorfuidh sé sibh as láimh na Bhphilistineach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí