Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Iósua 11 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil XI. Taréis tuille ríghthe, 21 agus aithigh do shliochd Anac do bhualadh dhóibh; 23 Do ghabh Iosua an tír do gheall Día: agus sguir íad do chogadh.

1 Agus tárla, a nuair do chúaluidh Iábin rígh Ilásor na neithesi, gur chuir sé chum Ióbab rígh Madon, agus chum rígh Simron, agus go rígh Achsaph,

2 Agus chum na ríghthe do bhí búdh thuáidh ar na sléibhtibh, agus budh dheas réiteach Cinerot, agus ansa ghleann, agus a nimlibh Dor taobh shíar,

3 Agus chum an Chananítigh shoir agus shíar, agus chum an Namorítigh, agus chum an Hititigh, agus chum an Pherisitigh, agus chum an Iebusítigh annsna sléibhtibh, agus chum an Hibhitigh faói Hermon a ttír Mispeh.

4 ¶ Agus do chuadar amach, íad féin agus a slóigh uile maille ríu, moran daóine, mar an ngaineamh atá ar thráighe na fairge ar iomadamhlachd, maille re marcshlúagh agus ro mhórán carbad.

5 Agus a núair do chruinnigheadar na ríghthe sin uile a gcionn a chéile, tangadar agus do rinneadair comhnuigh a bhfochair a chéile ag uisgidhibh Merom, do throid a naghaidh Israel.

6 ¶ Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Iosua, Ná bíodh eagla ort ar a son súd: óir seachóduigh misi a márach timchioll na huáiresi íad marbh uile as coinne Israel: géarrfuidh tú a nioscada dá neachuibh, agus loiscfidh tú a ccarbuid re teinidh.

7 Mar sin tháinic Iosua, agus an luchd cogaidh uile leis, na naghaídh ag uisgidhibh Merom go hobann; agus do thiománadar orra.

8 Agus do thoirbhir an TIGHEARNA a láimh Israel íad, noch do bhuáil íad, agus do mhadhmuigh orra go Sídon mhóir, agus go Misrepot‐maim, agus go gleann Mispeh shoir; agus do bhuáileadar íad, no gur fhágbhadar gan áon béo dhíobh.

9 Agus do rinne Iosua riú mar a dubhairt an TIGHEARNA ris: do ghéarr sé ioscada a neach, agus do loisg sé a gearbuid ré teinidh.

10 ¶ Agus do fhill Iosua an tansin ar a ais, agus do ghabh Hásor, agus do bhuáil a rígh leis an gcloidheamh: oir do bhi Hásor roimhe sin na ceann ar na rioghachduibhsin uile.

11 Agus do bhuaileadar a raibh danmannuibh inte lé fáobhar an chloidhimh, ga scrios uile: níor fágbhadh áon díobh do tharruing anála: agus do loisg sé Hásor le teinidh.

12 ¶ Agus do ghabh Iosua caithreacha na ríghtheadh sin uile, agus a ríghthe uile, agus do bhuáil íad lé fáobhar au chloidhimh, agus do scrios thrid amach íad, mar do aithin Maóise seirbhíseach an TIGHEARNA.

13 Achd ar son na gcaithreach noch do shéas a gcomhnuidhe iona neart, níor lois Israel énchathair díobh, achd Hasor amháin: do loisg Iosua.

14 Agus tugadar clann Israel léo mar chreich dhóibh féin, uile éadáil, agus áirneis na gcaithreachsin; ach do bhúaileadar gach uile dhuine le fáobhar an chloidhimh, no gur dhíothlaithrigheadar íad, nior fhágbhadar aon do tharruing anála.

15 Mar do aithin an TIGHEARNA dhá sherbhíseach Maóise, is mar sin do aithin Maóise do Iosua, agus do rinne Iosua mar sin; nior fhág sé éinní gan déanamh do nuile ní do fhógair an TIGHEARNA do Mhaóise.

16 ¶ Mar sin do ghabh Iosua an chríochsin uile, na cnuic, agus an deisciort uile, agus fearann Gosen uile, agus an gleann, agus an réiteach, agus slíabh Israel, agus a ghleann sin;

17 Eadhon ó shliabh Hálac, théid súas go Seir, go Baal‐gad a ngleann Lebanon raoi shlíabh Hermon: agus do ghabh sé a righthe uile, agus do bhuáil íad, agus do mharbh sé íad.

18 Do rinne Iosua cogadh a bhfad daimsir ris na ríghthibhsin uile.

19 Ní raíbh cathair do rínne síth ré cloinn Israel, acht na Hibhitigh amhaín áitreabhuigh Ghibeon: do gabhadar an chuid oile uile a ccath.

20 Oír is ón TTIGHEARNA tháinic crúadhughadh a ccroidheadh, chor go ttiucfaidís a naghaidh Israel a gcath, chor go muirfeadh íad uile thríd amach, agus ionnus nach bhfuighdis tairiseachd air bith, ach go scríosfadh sé íad, mar do aithín an TIGHEARNA do Mhaoisi.

21 ¶ Agus annsa namsin tháinic Iosua, agus do scrios sé amach na Hanacimigh ó na sléibhthibh, ó Hebron, ó Dhebir, ó Anab, agus as sléibhthibh Iudah uile, agus ó shléibhthibh Israel uile: do leirscrios Iosua íad uile gon a gcaithreachaibh.

22 Níor fágbhadh éanduine do na Hanacimibh a bhfearann chloinne Israel: amháin a Ngása, a Ngat, agus ann Asdod, do fhágbhadh daóine iontasin.

23 ¶ Mar sin do ghabh Iosua an tír uile, do réir a nuile ní dar labhair an TIGHEARNA re Maóise; agus thug Iosua mar oighreachd do Israel é do réir a ronna iona ttreabhuibh. Agus do sguir an dúithche do chogadh.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí