Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 11:2 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus chum na ríghthe do bhí búdh thuáidh ar na sléibhtibh, agus budh dheas réiteach Cinerot, agus ansa ghleann, agus a nimlibh Dor taobh shíar,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 agus go dtí na ríthe sna hardáin thuaidh agus sa ghleann laisteas de Chinearót agus sna hísleáin agus sna leitreacha siar ó Dhór;

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 11:2
14 Tagairtí Cros  

Marsin do áontuigh Ben‐hadad lé rígh Asa, agus do chuir caiptínigh a shluáigh do bhí aige a naghaidh caithreach Israel, agus do mhill sé Iion, agus Dan, agus Abel‐bet‐maachah, agus Cinnerot uile, maille re tír Napthtali uile.


Mac Abinadab, a ttír Dor uile; agá raibh Taphat inghean Sholuimh na mnaói.


Agus rachaidh an teóra síos ó Shepham go Riblah, don táoibh shoir do Ain; agus tiocfa an teóra a núas, agus roighfigh go táobh fairge Chinneret táobh shoir:


Agus an tan do éirigh Muire ann sna laéthibh sin, do chúaidh sí go dheíthneasach chois sléibhe, go cathraigh Iúda;


Agus tárla, an tau do ling an pobal air déisfeach ré bréithir Dé, gur sheas seision láimh ré loch Ghenesaret,


¶ Mar sin do bhuáil Iosua tír na slíabh, agus an taoibh ó dheas, agus na gleánnta, agus na sruth, agus a ríghthe uile: níor fhág neach béo dhíobh, ach do scrios sé uile an mhéid iona raibh anáil, mar do aithin an TIGHEARNA Día Israel.


¶ Agus do chuireadar muintir Ghibeon fios chum Iosua don champa go Gilgal, gá rádh, Ná mainneachdnuigh do lámh ód sherbhíseachuibh; tárr chuguinn tráth, agus sáor sinn, agus tárthuigh sinn: oir atáid na ríghthe nan Amoriteach áitreabhus air na sléibhtibh uile ar ccruinniughadh ar naghuidh.


¶ Mar sin do ghabh Iosua an chríochsin uile, na cnuic, agus an deisciort uile, agus fearann Gosen uile, agus an gleann, agus an réiteach, agus slíabh Israel, agus a ghleann sin;


¶ Agus annsa namsin tháinic Iosua, agus do scrios sé amach na Hanacimigh ó na sléibhthibh, ó Hebron, ó Dhebir, ó Anab, agus as sléibhthibh Iudah uile, agus ó shléibhthibh Israel uile: do leirscrios Iosua íad uile gon a gcaithreachaibh.


Rígh Dor a gcósta Dor, áon; righ chineadhacha Ghilgal, áon;


Agus ón réiteách go fairge Chinerot ar an ttaobh shoir, agus go fairge an réitigh, eadhon a nfairge shailte taobh shoir, an tslighe go Bet‐iesimot; agus ón taobh ó dheas, faói Asdot‐pisgah:


Agus annsa ghleann, go Betaram, agus Betnimrah, agus Succot, agus Saphon an chuid oile do rioghachd Shihon rígh Hesbon, Iordan agus a bruach, eadhon go húir fhairge Chinnerot ar an ttáobh oile do Iordan leath shoir.


Agus fúair Manasseh a Nissachar agus a Naser Betsen agus a bailte, agus Ibleam agus a bailte agus dúthchusaigh Dor agus a bailte, agus dúthchusaigh Endor agus a baílte, agus dúthchusaigh Taanach agus a bailte, agus dúthchusaigh Megiddo agus a bailte, trí tíortha.


¶ Ní mó do dhíbir Manasseh áitreabhuigh Bhetsean agus a bailteadh, ná Táanach agus a bailteadh, ná áitreabhuigh Dor agus a bailteadh, ná áitreabhuigh Ibleam agus a bailteadh, ná áitreabhuigh Mhegiddo agus a bailteadh: achd ba mían leis na Canaanítibh comhnuighe san tír sin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí