Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 11:1 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus tárla, a nuair do chúaluidh Iábin rígh Ilásor na neithesi, gur chuir sé chum Ióbab rígh Madon, agus chum rígh Simron, agus go rígh Achsaph,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Nuair a chuala Iáibín rí Házór na nithe sin chuir sé scéala fúthu go Ióbab rí Mhádón agus go rí Shimreon agus go rí Aicseáf,

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 11:1
19 Tagairtí Cros  

¶ Agus a nuáir do choncadar na Sírianuigh gur búaileadh íad féin le Hisrael, do chruinnigheadar íad féin a cceann a chéile.


Mac Abinadab, a ttír Dor uile; agá raibh Taphat inghean Sholuimh na mnaói.


¶ Agus isé so fáth an gheártha do thóg an rígh Solamh; do dhéanamh tighe an TIGHEARNA, agus a thighe féin, agus Millo, agus balla Ierusalem, agus Hasor, agus Megiddo, agus Geser.


¶ A laethibh Phecah rígh Israel thínic Tiglat‐pileser rígh na Hassiria, agus do ghabh sé Hiion, agus Abel‐betmaacha, agus Ianoah, agus Cedes, agus Hásor, agus Gíleadi, agus Galilee, agus fearann Napthali uile, agus rug a láimh íad go Hassiria.


A THIGHEARNA, a núair thóigfighear do lámh súas, ní fhaicid síad: acht do chífid, agus béid náireach ar son a ttnútha ris an bpobal; loisgfidh fós, teine do námhadsa íad.


A nuáir ghabhus tú thríd na huisgeadhuibh, biáidh misi ad fhochair; agus thríd na haibhnibh, ní fhoileochuid síad thú: a nuáir shíubholas tú thríd an tteine, ní loisgfighear thú; ní mó dheargfas an lasair ort.


Agus do fhill Iosua, agus Israel uile maille ris, don champa go Gilgal.


¶ Agus do fhill Iosua an tansin ar a ais, agus do ghabh Hásor, agus do bhuáil a rígh leis an gcloidheamh: oir do bhi Hásor roimhe sin na ceann ar na rioghachduibhsin uile.


Rígh Mádon, áon; rígh Hásor, áon;


Rígh Simron‐meron, áon; rígh Achsaph, áon;


Agus Adamah, agus Ramah, agus Hásor,


Gur chruinnigheadar íad féin uile a gcionn a chéile, do throid re Iosua agus ré Hisrael, déan toil amháin.


¶ Gidheadh do theith Sisera ar a chosuibh go lóistín Iael bean Heber an Ceniteach: óir do bhí siothcháin idír Iabin righ Hásor agus tigh Héber an Ceniteach.


Agus do reac an TIGHEARNA íad a láimh Iábin rígh Chánaain, noch ba rígh an Hasor; ba hé caiptín a shlóigh Sisera, noch dáitreibh ann Haroset na Ngeinteadh.


Tangadar na ríghthe, agus do throideadar, annsin do throídeadar ríghthe Cánaan a Dtaanac láimh re huisgidhibh Mhegiddon; níor ghabhadar éadáil ar bithairgid.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí