Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 11:3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus chum an Chananítigh shoir agus shíar, agus chum an Namorítigh, agus chum an Hititigh, agus chum an Pherisitigh, agus chum an Iebusítigh annsna sléibhtibh, agus chum an Hibhitigh faói Hermon a ttír Mispeh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 go dtí na Canánaigh thoir agus thiar, na hAmóraigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Iabúsaigh sna sléibhte, agus na Hivigh faoi scáth Hearmón i Mizpeá.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 11:3
30 Tagairtí Cros  

Agus Mispah: óir a dubhairt sé, Déunadh an TIGHEARNA faire eadrum agus tú, a nuáir bhéam gan bheith a láithair a chéile.


Agus an tan do shín an taingeal a lámh amach ar Ierusalem dá hargoin, do ghabh aíthreachus an TIGHEARNA fá nolc, agus a dubhairt ris a naingeal do mharbh na daóine, Is lór sin: connuimh anois ar do láimh. Agus do bhí aingeal an TIGHEARNA ag ionad buáilte Araunah an Iebusiteach.


Agus tangadar go daingion láidir Tíor, agus go caithreachaibh na Hibhiteach eile, agus na Gcananíteach: agus do chúadar amách don taóibh ó dheas do Iúdáh, go Beerséba.


Ansin do chuir an rígh Asa fúagra ar feadh Iúdah uile; (níor coigleadh éanduine:) agus rugadar clocha Rámah léo, agus an tadhmad, ler chuir Baasa súas í; agus do chuir an rígh Asa súas léo sin Géba Bheniamin, agus Mispah.


¶ Agus an mhuinntir uile do fágbhadh beó do na Hamoritibh, do na Hítitibh, do na Perisitibh, do na Hibhitibh, agus dona Iebusitibh, nach raibh do chloinn Israel,


Mar dhrúcht Hermon, noch thuitios ar shléibhtibh Síon: óir is annsin do aithin an TIGHEARNA beannughadh, na beatha go síorruighe.


Do chruthaidh tú budh thúaidh agus budh dheas: Tábor agus Hermon do dhéanaid lúathgháire ann hainm.


¶ Tárr liom as Lebanon, a bhainchéile, liomsa as Lebanon: féuch ó mhullach Anána, ó mhullach Shenir agus Hermon, ó úamhuibh na leomhan, ó shléibhtibh na leopard.


Ar mo shonsa, féuch, áitreochuidh mé a Mispah dfoghnamh do na Caldeánachaibh, noch thiucfas chugainn: acht, cruinnighidhsi fíon, agus tóirthe samhraidh, agus ola, agus cuiridh ann bhur soíthighibh íad, agus comhnuighidh ann bhur ccaithreachaibh noch do ghabhabhair.


Annsin do chuáidh Ieremiah go Gedaliah mhac Ahicam go Mispah; agus do chomhnuidh sé iona fhochair a measc na ndaóine do fágbhadh annsa tír.


Marsin thainic an phobal uile rug Ismael a láimh ó Mhispah fa cuáirt agus diompóigheadar, agus do chúadar go Iohanan mhac Careah.


Do mharbh fós Ismael na Iúduighidh uile do bhí iona fhochair, eadhon a bhfarradh Ghedaliah, ann Mispah, agus na Caldeánuigh noch do fríth ann, agus na fir chogaidh.


Aítreabhuid na Hamelecitigh annsa bhfearann táobh ó dheas: agus na Hititigh, agus na Iebusítigh, agus na Hamorítigh, áitreabhas ar a tsliabh: águs na Canaanitigh áitrebhas láimh ris an bhfairge, agus láimh ré leithimeal Iordáin.


O Aroer, noch atá láimh re brúach na habhann Arnon, go nuige slíabh Síon ré ráidhthear Hermon,


Anuair do bhéura an TIGHEARNA do Dhía thú don tír a bhfuil tú ag dul dá shealbhughadh, agus ar tteilgean amach mhóráin cineadhach romhad, na Hititigh, agus na Girgasitigh, agus na Hamorítigh, agus na Cananítigh, agus na Perisítigh, agus na Hibhitigh, agus na Iebusitigh, seachd gcíneadhacha ba mhó ná sibhse agus ba cumhachduigh;


Eadhon ó shliabh Hálac, théid súas go Seir, go Baal‐gad a ngleann Lebanon raoi shlíabh Hermon: agus do ghabh sé a righthe uile, agus do bhuáil íad, agus do mharbh sé íad.


Agus do thoirbhir an TIGHEARNA a láimh Israel íad, noch do bhuáil íad, agus do mhadhmuigh orra go Sídon mhóir, agus go Misrepot‐maim, agus go gleann Mispeh shoir; agus do bhuáileadar íad, no gur fhágbhadar gan áon béo dhíobh.


Agus Gílead, agus teóra na Ngesuriteach agus na Maachatíteach, agus slíabh Hermon uile, agus Basan uile go Sálcah;


Agus dúthaigh na Ngibliteach, agus Lebanon uile, leath re héirghe gréine, ó Bhaalgad faói shlíabh Hermon go dul a steach go Hamat.


Agus Dilean, agus Mispeh, agus Iocteel,


¶ Agus ar son na Iebusíteach dúthchusaigh Ierusalem, níor fhéad clann Iúdah a ndíbirt amach: achd aítreabhuid na Iebusitigh maille re cloinn Iúdah ann Ierusalem gus a niugh.


Agus Mispeh, agus Chephirah, agus Mosah,


Agus a dubhairt Iosua, Is leis so aitheantáoi go bhfuil an Día beó bhur measc, agus go tteilgfe sé amach gan fhaillighe na Cananítigh, agus na Hititigh, agus na Hibhitigh, agus na Perisitigh, agus na Girgasitigh, agus na Hamorítigh, agus na Iebusítigh.


An sin do chúadar clann Israel uile amach, agus do chruinnigheadar an comhchruinniughadh a bhfochair a chéile amhuil éanduine amháin, ó Dhan go Beerséba, maille ré tír Ghilead, chum an TIGHEARNA a Mispeh.


Agus a dubhradar clann Israel, Cía atá a measg uile threabha Israel nach ttáinic súas ris an ccomhchruinniughadh chum an TIGHEARNA? Oír thugadar mionna móra a ttaobh an té nach dtáinic súas chum an TIGHEARNA go Mispeh, gha rádh, Cuirfighear go deimhin chum báis é.


¶ Agus a dubhradar, Cía an duine do threibh Israel nach dtáinic súas go Mispeh chum an TIGHEARNA? agus, feach, ní thaínic éainneach don champa ó Iabes‐Gílead chum an chomhchruinnigh.


Mar atá, cúig tighearna na Bhfilistíneach, agus na Canaanítigh uile, agus na Sidónianuigh, agus na Hibhitigh do áitribh a slíabh Lebanon, ó shlíabh Baalhermon go nuige dul a steach go Hámat.


¶ Agus do chomhnuigheadar clann Israel a measc na Gcanaaníteach, na Hititeach, agus na Namoríteach, agus na Bperisitéach, agus na Hibhiteach, agus na Iebusiteach:


¶ Agus do ghoir Samuel an pobal a ccionn a chéile go Mispeh chum an TIGHEARNA;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí