Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 11:11 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus do bhuaileadar a raibh danmannuibh inte lé fáobhar an chloidhimh, ga scrios uile: níor fágbhadh áon díobh do tharruing anála: agus do loisg sé Hásor le teinidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 Chuireadar chun báis de rinn claímh gach dúil bheo inti, agus iad faoin mbang. Níor fágadh duine inti le hanáil na beatha ann agus ansin loisc sé Házór.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 11:11
6 Tagairtí Cros  

¶ Ach do chaíthreachuibh na muintiresi, noch do bheir do THIGHEARNA Día dhuit mar oighreachd, ní shaorfa tú béo éinní ann a mbía anál:


Achd do ghlacamar mar chreich dhuinn féin, a náirnéis uile, agus éadáil na gcaithreach.


Agus a nuáir do bhéara an TIGHEARNA do Dhía dhuit íad; buáilfe tú íad, agus scriossuidh tú íad thríd a mach; ní dhéana tú cunradh air bith riú, nó trócaire do thaisbeanadh dhóibh:


¶ Mar sin do bhuáil Iosua tír na slíabh, agus an taoibh ó dheas, agus na gleánnta, agus na sruth, agus a ríghthe uile: níor fhág neach béo dhíobh, ach do scrios sé uile an mhéid iona raibh anáil, mar do aithin an TIGHEARNA Día Israel.


Agus do scriosadar go huilidhe an mhéid do bhí sa gcathruigh, idir fhior agus mhnáoi, óg agus shean, dhamh, agus chaoirigh, agus assal, lé fáobhar an chloidhimh.


Agus do loisgeadar an chathair le teinidh, agus a nuile ní dá raibh inte: amháin do chuireadar an tairgiod, agus an tór, agus na sóithighe práis agus íaruinn, a nionmhus thighe an TIGHEARNA.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí