Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 11:23 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 ¶ Mar sin do ghabh Iosua an tír uile, do réir a nuile ní dar labhair an TIGHEARNA re Maóise; agus thug Iosua mar oighreachd do Israel é do réir a ronna iona ttreabhuibh. Agus do sguir an dúithche do chogadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

23 Fuair Iósua seilbh ar an tír ar fad, faoi mar a dúirt an Tiarna le Maois, agus thug sé é d'Iosrael mar oidhreacht de réir mar a bhíodar roinnte ina dtreibheanna. Agus bhí sos ó chogadh ag an tír.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 11:23
20 Tagairtí Cros  

Mar sin do chúadar an chlann a steach agus do shealbhuigheadar an dúithche, agus do chlaóidh tusa dhóibh áitreabhuigh na tíre, na Canaanitigh, agus thug tú iona lámhuibh íad, maille re na ríghthibh, agus re dáoinibh na tíre, go ndéindis ríu mar do thoigeóraidis féin.


Do bheir sé fa deara cogadh do chosc go crích na talmhan; brisigh sé an bogha, agus gearruidh an gath ó chéile; loisgidh sé na carbuid annsa teine, ag rádh,


Coímhedsa an ní áitheonus mé dhiot annsa ló niugh: féuch, tiomaínfe mé a mach romhad an Tamoríteach, agus an Cananíteach, an Hitíteach, agus an Perisíteach, agus an Hibhiteach, agus an Iebusíteach.


Annsa bhfearann bhías a sealbh a Nisrael: agus ní sháireochuid mo phrionnsadha ní sa mhó mo dhaóine; agus do bhéaruid an chuid oile don dúthaigh do thigh Israel do réir a ttreabh.


Achd Ioshua mhac Nun, noch sheasfas ad lathair rachaidh sé ann a steach: cuir meisneach ann: óir do bhéura sé ar Israel an noighreachd do shealbhúghadh.


Uimesin is amhluidh bhías, a nuáir bhearus do THIGHEARNA Día suáimhnios duit ód naimhdibh uile fa gcuáirt ad thimchioll, ansa dúithche do bheir do THIGHEARNA Día dhuit mar oighreachd da sealbhúghadh, go ccuirfe tú amach cuimhne Amalec ó bheith faói neamh; agus ní dhearmoda tú é.


Do rinne Iosua cogadh a bhfad daimsir ris na ríghthibhsin uile.


¶ Agus is íadso ríghthe na críche do bhuáil Iosua agus Israel don taóibhsi do Iordan taóibh shíar, ó Bhaal‐gad a ngleann Lebanon go slíabh Hálac, théid súas go Seir; noch thug Iosua do threabhuibh Israel mar sheilbh do réir a ronna;


¶ Agus do theilg Iosua crainn dúibh a Síloh a bhfiadhnuisi an TIGHEARNA: agus annsin do roinn Iosua an fhearann ar chloinn Israel do réir a ronna.


Agus a nois thug bhur TTIGHEARNA Día socamhal dá bhur ndearbhráithribh, mar do gheall sé dhóibh: annois ar a nadhbharsin fillidhsi, agus éirgidhe dá bhur ttighthibh, agus go fearann bhur sealbha, noch thug Maóise óglach an TIGHEARNA dhaóibh don taóibh oile do Iordan.


Agus tárla aimsir fhada tar éis an TIGHEARNA do thabhairt súaimhnis Disrael ó na naimhdibh uile timchioll fa gcuairt, gur fhás Iosua áosta foirfe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí