Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 12:1 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Annois is íadso ríghthe na gcríoch, do bhuáil clann Israel, agus dar shealbhuigheadar a bhfearann ar an taobh oile do Iordán leath ré héirghe na gréine, ó nabhuinn Arnon go sliabh Hermon, agus an réiteach uile ar an ttaóibh shoir:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Siad seo ríthe na tíre a chloígh clann Iosrael agus ar ghabhadar seilbh ar a gcríocha lastall den Iordáin agus i dtreo an oirthir, ó shileán Arnón go Sliabh Hearmón, agus an tArabá ar fad lastoir:

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 12:1
24 Tagairtí Cros  

Geber mhac Uri do bhí a ttír Ghílead, a ttír Shihon rígh na Namoriteach, agus Og rígh Básan; agus dob eision amhaín oifigeach na tíre uile.


Mar dhrúcht Hermon, noch thuitios ar shléibhtibh Síon: óir is annsin do aithin an TIGHEARNA beannughadh, na beatha go síorruighe.


Agus thug a bhfearann mar oighreachd: óir mairigh a thrócaire choidhche:


Do chruthaidh tú budh thúaidh agus budh dheas: Tábor agus Hermon do dhéanaid lúathgháire ann hainm.


Agus biáidh, amhuíl éun seachráin ar na theilgean amach as a nead, marsin bhéid ingheana Mhoab ag áthannuibh Arnon.


Do áthruigheadar as sin, agus do shuigheadar ar an ccuid thall do Arnon, noch atá annsa bhfásach noch thig amach as imlibh na Namoríteach: oir sé Arnon teórann Mhoab, idir Mhoab agus na Hamorítigh.


¶ Agus do chuir Israel teachda go Sihon rí na Namoríteach, gá rádh,


Agus do bhuáil Israel é lé fáobhar an chloidhímh, agus do shealbhuidh a dhúthaigh ó Arnon go Iabboc, eadhon gó nuige cloinn Ammon: óir do bhí teórann chloinne Ammon láidir.


Oír ní íarrfuimne oighreachd maille riú don táoibh úd do Iordan, nó thairis sin; do chionn gur thuit ar noighreachd chuguinn don táoibhsi do Iordan leith shoir.


Racham thairís anonn armtha roimhe an TTIGHEARNA go tír Chanaáin, chor go madh linn ar sealbh don táoibhsi do Iordan.


Agus thug Maóise dhóibh, eádhon do chloinn Ghad, agus do chloinn Réuben, agus do leath threibhe Mhanasseh mhic Ioseph, rioghachd Sihon rígh na Namoríteach, agus rioghachd Og righ Basan, an fearann gun a chaithreachaibh annsna foirimlibh, mar atáid caithreacha na tíre timchioll fá gcuáirt.


¶ Eírighsi súas, ghluáisigh ann bhur tturus, agus imthighidh a nonn thar a nabhuinn Arnon: féuch, thug mé ad láimh Sihon an Tamoríteach, rígh Hesbon, agus a dhúthaigh: tionnscain a sealbhughadh, agus troid ris a ccath.


Annsin thainic Sihon amach ar naghuidh, é féin agus a dháoine uile, do throid ag Iahas.


Ann sin do iontoigheamar, agus do chuádh suas air an tslíghe go Basan: agus tháinic Og righ Bhásan amach ár naghuidh, é féin agus a dháoine uile, chum catha ag Edrei.


¶ Agus sé so an dligheadh do chuir Maóise síos do chloinn Israel:


Don táoibhsi do Iordan, annsa ghleann as coinne Bhet‐peor, a ttir Shihon rígh na Namoriteach, noch do áitribh an Hesbon, noch do bhuáil Maóise agus clann Israel, tar éis teachd amach as an Négipt:


O Aroer, noch atá láimh re brúach na habhann Arnon, go nuige slíabh Síon ré ráidhthear Hermon,


Nó go ttuga an TIGHEARNA suaimhneas da bhur ndearbhraithribh, mar thug sé dhíbhsi, agus go sealbhuighidsion mar an gcéadna an tír bheir bhur TTIGHEARNA Día dhóibh: annsin fillfidhe dá bhur bhfearann sealbha, noch thug Máoise óglach an TIGHEARNA dhíbh don táoibhsi do Iordan leath ré heírghe greine, agus biáidh aguibh.


Eadhon ó shliabh Hálac, théid súas go Seir, go Baal‐gad a ngleann Lebanon raoi shlíabh Hermon: agus do ghabh sé a righthe uile, agus do bhuáil íad, agus do mharbh sé íad.


Agus chum an Chananítigh shoir agus shíar, agus chum an Namorítigh, agus chum an Hititigh, agus chum an Pherisitigh, agus chum an Iebusítigh annsna sléibhtibh, agus chum an Hibhitigh faói Hermon a ttír Mispeh.


Oír is mar áon ríu do ghabhadar na Reubenítigh agus na Gadítigh a noighreachd, noch thug Máoise dhoibh, taobh thall do Iordan leath shoir, eadhon mar thug Máoise óglach an TIGHEARNA dhóibh;


Agus a nois thug bhur TTIGHEARNA Día socamhal dá bhur ndearbhráithribh, mar do gheall sé dhóibh: annois ar a nadhbharsin fillidhsi, agus éirgidhe dá bhur ttighthibh, agus go fearann bhur sealbha, noch thug Maóise óglach an TIGHEARNA dhaóibh don taóibh oile do Iordan.


Ann sin do ghluásíodar ar fád thríd a nfasach, agus do thimchiolladar dúithche Edom, agus dúithche Mhóab, agus tangadar táobh ó dheas do dhúithche Mhóab, agus do shuigheadar don táobh oile do Arnon, acht ní thangadar táobh a stigh do theóruinn Mhóab: oir budh é Arnon bruách Mhóab.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí