Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 12:2 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Sihon rígh na Námoríteach, noch do áitreibh ann Hesbon, agus do ríaghluidh ó Aroer, noch atá ar bhrúach na habhann Arnon, agus ó lár na habhann, agus ó leath Ghílead, gus a nabhuinn Iabboc, noch bá téora chloinne Ammon;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Síochon rí na nAmórach a bhí ag cur faoi i Heisbeón, agus ag rialú ó Aroéir ar imeall Ghleann Arnón - agus com an ghleanna san áireamh - thar leath Ghileád chomh fada le habhainn an Iaboc, teorainn na nAmónach;

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 12:2
12 Tagairtí Cros  

Agus do éirigh sé súas a noidhche sin, agus do ghlac sé a dhías ban, agus a dhá chumhal, agus a éanmhac déag, agus do chuáidh sé tar áth Iabboc a nunn.


Agus Bélas mhac Asas, mhic Sema, mhic Ioel, noch do rinne comhnuidhe ann Aroer, air fad go nuige Nébo agus Baalmeon:


Tuilleamh fós thug tú rioghachta agus cineadhacha dhoibh, agus do roinn tú íad a ccoirnéuluibh: marsin do shealbhuigheadar tír Shihon, agus dúithche rígh Hesbon, agus dúithche Og rígh Basan.


Sihon rígh na Namoríteach, agus Og rígh Básan, agus uile rioghachta Chánaain:


O a áitreabhthuigh Aroer, seas annsa tslighe, agus fuirfheith; fíafruigh don ti theithios, agus don mnaói théid as, agus abair, Cred do rinneadh?


Tar éis Sihon righ na Namoríteach do mharbhadh dho, noch do áitreibh ann Hesbon, agus Og rígh Básan, noch do áitreibh ann Astarot ann Edréi:


Agus dó fhreagair righ chloinne Ammon teachda Iephtah, Do chionn gur bhean Israel mo dhúithche dhíomsa, a núair thangadar a nsíos as an Négipt, ó Arnon go nuige Iabboc, agus go nuige Iordan: anois ar a nádhbharsin aisig na fearuinnsin go síothcánta.


Agus do shealbhuigheadar cósta na Namoríteach uile, ó Arnon go nuige Iabboc, agus ó nfásach air fad go nuige Iordan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí