Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 12:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Siad seo ríthe na tíre a chloígh clann Iosrael agus ar ghabhadar seilbh ar a gcríocha lastall den Iordáin agus i dtreo an oirthir, ó shileán Arnón go Sliabh Hearmón, agus an tArabá ar fad lastoir:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Annois is íadso ríghthe na gcríoch, do bhuáil clann Israel, agus dar shealbhuigheadar a bhfearann ar an taobh oile do Iordán leath ré héirghe na gréine, ó nabhuinn Arnon go sliabh Hermon, agus an réiteach uile ar an ttaóibh shoir:

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 12:1
24 Tagairtí Cros  

Geibir mac Uirí i dtír Ghileád, tír Shíochon rí na nAmórach agus Óg rí Bháiseán. Ina dteanntasan bhí reachtaire i dtír Iúdá.


Is cosúil le drúcht Hearmón é agus é ag titim anuas ar Shliabh Shíón. Is ann a thug an Tiarna beannacht, agus beatha go brách.


Agus thug sé a bhfearann mar oidhreacht, óir maireann a bhuanghrá go brách;


Is leat na flaithis, is leat an talamh; is tú a bhunaigh an domhan agus a bhfuil ann.


Ag cleitearnach anonn is anall mar a bheadh nead scolamán tréigthe, is amhlaidh atá iníonacha Mhóáb cois áthanna an Arnón.


Chuireadar chun bealaigh uaidh sin agus shuíodar a gcampa lastall den Arnón. Tosaíonn an gleann fásaigh seo i gcríocha na nAmórach. Óir sí an Arnón teorainn Mhóáb, idir Móáb agus na hAmóraigh.


Ansin chuir Iosrael teachtairí go Síochon rí na nAmórach, á rá:


Chuir Iosrael chun báis é de ghion claímh agus ghabh seilbh ar a chuid tailte ón Arnón go dtí an Iaboc, chomh fada le clann Amón, óir ba gharbh í teorainn chlann Amón.


Óir beimidne gan oidhreacht leosan ar an taobh eile den Iordáin nó níos sia ar aghaidh, mar is anseo, lastoir den Iordáin, a bhaineamar amach ár n‑oidhreacht.”


Rachaimid anonn faoi airm go tír Chanán roimh an Tiarna amach, ach ní foláir daoibh seilbh a fhágáil againn ar ár n‑oidhreacht lastall den Iordáin.”


Thug Maois dóibh - do chlann Ghád agus do chlann Reúbaen agus do leath-threibh Mhanaise mac Iósaef - riocht Shíochón rí na nAmórach, ríocht Óg rí Bháiseán, an fearann agus a chathracha agus a chríocha, agus cathracha na duíche timpeall.


‘Scoirigí campa agus ar aghaidh libh, agus thar sileán Arnón libh. Seo é Síochon, an tAmórach, rí Heisbeon, agus a fhearann á chur agam faoi do láimh; crom ar sheilbh a ghabháil; cuir cath air!


Ansin mháirseáil Síochon agus a mhuintir go léir amach inár n‑aghaidh chun catha a chur i Iáhaz.


“Ansin chasamar i dtreo Bháiseán agus ghabhamar suas ann. Agus tháinig Óg rí Bháiseán amach inár n‑aghaidh, é féin agus a mhuintir go léir, chun cath a chur in Eidreí.


Seo é an dlí a leag Maois roimh chlann Iosrael;


agus iad lastall den Iordáin sa ghleann láimh le Béit Peór i bhfearann Síochon rí na nAmórach a chónaigh i Heisbeon; bhris Maois agus clann Iosrael airsean ar theacht as an Éigipt dóibh,


ó Aroéir ar an ardán os cionn ghleann an Arnón go Sliabh Shirion, Hearmón is é sin -


nó go dtugann an Tiarna suaimhneas do bhur mbráithre chomh maith libh féin agus go ngabhfaidh siadsan leis seilbh ar an bhfearann atá an Tiarna bhur nDia a thabhairt dóibh; ansin fillfidh sibh ar bhur bhfearann dílis agus seilbh a ghabháil air, an fearann a thug Maois óglach an Tiarna daoibh lastoir den Iordáin.”


Ó Shliabh Hálác a éiríonn i dtreo Shaeír chomh fada le Bál Gád in nGleann na Liobáine faoi scáth Hearmón, ghabh sé na ríthe go léir, threascair iad agus bhásaigh iad.


go dtí na Canánaigh thoir agus thiar, na hAmóraigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Iabúsaigh sna sléibhte, agus na Hivigh faoi scáth Hearmón i Mizpeá.


Fuair na Reúbaenaigh agus na Gádaigh [mar aon le leath-threibh eile Mhanaise] an oidhreacht a thug Maois óglach an Tiarna dóibh lastall den Iordáin soir amach. Bhronn Maois óglach an Tiarna orthu


Tá suaimhneas tugtha ag an Tiarna, bhur nDia, do bhur mbráithre mar a gheall sé dóibh. Filligí dá bhrí sin agus ar ais abhaile libh mar a bhfuil bhur dtailte, na tailte a thug Maois, óglach an Tiarna, mar shealúchas daoibh lastall den Iordáin.


Ansin ghabhadar tríd an bhfásach agus timpeall ar thír Eadóm agus ar thír Mhóáb nó go rabhadar lastoir de chríocha Mhóáb. Shuigh an pobal a longfort taobh thall den Arnón, gan dul thar theorainn Mhóáb, mar is í an Arnón féin teorainn Mhóáb.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí