Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 11:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 Fuair Iósua seilbh ar an tír ar fad, faoi mar a dúirt an Tiarna le Maois, agus thug sé é d'Iosrael mar oidhreacht de réir mar a bhíodar roinnte ina dtreibheanna. Agus bhí sos ó chogadh ag an tír.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 ¶ Mar sin do ghabh Iosua an tír uile, do réir a nuile ní dar labhair an TIGHEARNA re Maóise; agus thug Iosua mar oighreachd do Israel é do réir a ronna iona ttreabhuibh. Agus do sguir an dúithche do chogadh.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 11:23
20 Tagairtí Cros  

Chuaigh a sliocht isteach agus ghabh an tír, Agus threascair tú rompu Na Canánaigh, áitritheoirí na tíre, Agus thug tú ar láimh dóibh iad, Idir ríthe agus phobal na tíre, Le déanamh leo mar ab áil leosan.


Téanam agus feiceam oibreacha an Tiarna, na héachtaí móra a rinne sé ar talamh.


Tabhair aird, más ea, ar a bhfuil á ordú agam duit inniu. Féach! tiomáinfidh mé amach romhat na hAmóraigh, agus na Canánaigh, na Hitigh agus na Pirizigh, na Hivigh agus na Iabúsaigh.


Sín é a ghabháltas in Iosrael. Ní bhrúfaidh mo phrionsaí ar mo phobal níos mó; ach fágfaidh siad an chuid eile den tír do mhuintir Iosrael de réir a dtreibheanna.


Iósua mac Nún, do shearbhónta, is ea a rachaidh isteach; tabhair misneach dó óir is é a chuirfidh Iosrael i seilbh na tíre.


Nuair a bhronnfaidh an Tiarna do Dhia síocháin duit ó do naimhde go léir máguaird ort sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit i do sheilbh mar oidhreacht scrios cuimhne Amáiléic ó faoi neamh; ná déan dearmad de.


Chuir Iósua cogadh ar na ríthe sin go léir ar feadh i bhfad.


Seo iad ríthe na dúiche a chloígh Iósua agus clann Iosrael laistiar den Iordáin ó Bhál Gád i nGleann na Liobáine go Sliabh Hálác, in airde i dtreo Shaeír; agus bhronn Iósua a bhfearainn ar threibheanna Iosrael mar chuid roinne:


Chuir Iósua ar cranna dóibh é i láthair an Tiarna i Sileo, agus roinn sé an talamh ansiúd ar chlann Iosrael, a chion féin do gach dream díobh.


Tá suaimhneas tugtha ag an Tiarna, bhur nDia, do bhur mbráithre mar a gheall sé dóibh. Filligí dá bhrí sin agus ar ais abhaile libh mar a bhfuil bhur dtailte, na tailte a thug Maois, óglach an Tiarna, mar shealúchas daoibh lastall den Iordáin.


I bhfad ina dhiaidh sin, nuair a bhí suaimhneas tugtha ag an Tiarna d'Iosrael ó chiapadh a naimhde go léir ina dtimpeall, agus Iósua féin ina sheanduine anonn go maith sna blianta,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí