Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iósua 11:16 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 ¶ Mar sin do ghabh Iosua an chríochsin uile, na cnuic, agus an deisciort uile, agus fearann Gosen uile, agus an gleann, agus an réiteach, agus slíabh Israel, agus a ghleann sin;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 Fuair Iósua seilbh ar an tír sin go léir, na hardáin, an Neigib go léir, agus fearann uile Ghoisin, na hísleáin, an tArabá, ardáin agus ísleáin Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip




Iósua 11:16
16 Tagairtí Cros  

Agus thug sé dhóibh fearann na gcineadhach: agus do ghabhadar sáothar na ndaoine mar oighreachd;


Agus do theilg amach rompa na geintighe fós, agus do roinn sé oighreachd dóibh re crannchaír, agus thug air threabhuibh Israel áitriughadh iona nionad suidhe.


Plainndeocha mé í a slíabh áirde Israel: agus ginfe sí géuga, agus do bhéara sí toradh, agus biáidh na cédar bhreádha: agus áitreobhuidh na huile éunlaith gach sciatháin faói; áitreochuid síad air scáth a géug.


Acht sibhsi, a shléibhte Israel, cuirfidhe amach bhur ngéaga, agus do bhéarthaói bhur toradh dom phobal Israel; óir atáid do lathair ag teacht.


Fillidh, agus gluáisidh íonbhur slighe, agus éirghidh go slíabh na Namoriteach, agus don nuile áit láimh ris, annsa réiteach, annsna cnocuibh, agus annsa ghleann, agus budh dheas, agus láimh ris an bhfairge, go dúthaigh na Gcanaaníteach, agus go Lebanon, go suighe an nabhuinn mhóir, abhuinn Euphrates.


¶ Mar sin do bhuáil Iosua tír na slíabh, agus an taoibh ó dheas, agus na gleánnta, agus na sruth, agus a ríghthe uile: níor fhág neach béo dhíobh, ach do scrios sé uile an mhéid iona raibh anáil, mar do aithin an TIGHEARNA Día Israel.


Agus do bhuáil Iosua íad ó Chadesbarnéa go nuige Gása, agus tír Ghosen uile, go nuige Gibeon.


Mar do aithin an TIGHEARNA dhá sherbhíseach Maóise, is mar sin do aithin Maóise do Iosua, agus do rinne Iosua mar sin; nior fhág sé éinní gan déanamh do nuile ní do fhógair an TIGHEARNA do Mhaóise.


Agus chum na ríghthe do bhí búdh thuáidh ar na sléibhtibh, agus budh dheas réiteach Cinerot, agus ansa ghleann, agus a nimlibh Dor taobh shíar,


¶ Agus annsa namsin tháinic Iosua, agus do scrios sé amach na Hanacimigh ó na sléibhthibh, ó Hebron, ó Dhebir, ó Anab, agus as sléibhthibh Iudah uile, agus ó shléibhthibh Israel uile: do leirscrios Iosua íad uile gon a gcaithreachaibh.


Annsna sléibhthibh, agus annsna gleanntuibh, agus annsná réitibh, agus annsna srothuibh, agus ansa bhfásach, agus ansa tír ó dheas; na Hititigh, agus na Hamoritigh, agus na Cananitigh, na Perisítigh, agus na Hibhitigh, agus na Iebúsítigh:


Agus tárla, a nuáir do chúaladar na ríghthe uile do bhí don taóibhsi do Iordan, air na slebhtíbh, agus air na gleantuibh, agus ar imlibh na fairge móire uile thall as coinne Lebanon, na Hititigh, agus na Hamoritigh, agus na Cananítigh, agus na Perissítigh, agus na Hibhitigh, agus na Iebusitigh;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí