agus ag imtheacht ó Nasair dhó tháinig sé chum bheith ’n‐a chómhnaidhe i gCafarnaúm, cois na fairrge ar theorainn Shabulón agus Neftalim,
Matha 9:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do chuaidh sé isteach i mbád, agus d’imthigh sé anonn isteach ’n‐a chathair féin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Chuaigh sé ar bord báid ansin gur tháinig anall go dtí a chathair féin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ar dhul isteach san bhád dó, chuaidh sé thar uisce agus tháinic sé chun a chathrach féin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar ndul a loing dhó, do chúaidh sé tar uisge, agus thainic se da chathraigh féin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus chuaidh sé ar bórd na luinge bige, agus tháinig sé thar uisge isteach ’n-a chathair féin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ar dhul ar bord dó, chuaigh sé trasna agus tháinig isteach ina chathair féin. An Bíobla Naofa 1981 Ar dhul ar bord dó, chuaigh sé trasna agus tháinig isteach ina chathair féin. |
agus ag imtheacht ó Nasair dhó tháinig sé chum bheith ’n‐a chómhnaidhe i gCafarnaúm, cois na fairrge ar theorainn Shabulón agus Neftalim,
Ná tabhraidh an nidh naomhtha do na madraibh, agus ná caithidh bhúr bpéarlaí i láthair na muc, ar eagla go ngabhfaidís de chosaibh ortha, agus go n‐iompóchaidís agus go réabfaidís as a chéile sibh.
Agus nuair do chonnaic Íosa na sluaighte móra ’n‐a thimcheall, thug sé órdú dul do’n taobh eile.
Agus nuair do chuaidh Íosa thar ais arís go dtí an taobh eile, do chruinnigh sluagh mór chuige: agus do bhi sé ar bhruach na fairrge.
Agus muinntear críche na nGerasénach thart timcheall, d’iarr siad air imtheacht uatha; óir ba mhór an eagla do bhí ortha: agus do chuaidh sé isteach i mbád, agus d’fhill sé ar ais.
Agus ag teacht ar ais d’Íosa, do chuir an sluagh fáilte roimhe; óir do bhíodar go léir ag feitheamh leis.
An té do‐ghní an éagcóir, déanadh sé an éagcóir i gcómhnaidhe: an té atá neamh‐ghlan, fanadh sé neamh‐ghlan i gcómhnaidhe: agus an té atá fíréanta agus an té atá naomhtha, déantar é naomhtha i gcómhnaidhe.