Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 8:34 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Agus féach, tháinig muinntear na cathrach go léir amach chum Íosa, agus nuair do chonnacadar é, d’iarradar air imtheacht as a ndúthaigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

34 Bʼshiud lucht uile na cathrach ag teacht amach in airicis Íosa; agus nuair a chonaic siad é, chuir siad achainí air a ndúiche a fhágáil.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

34 Agus féach, chuaidh an chathair uilig amach i n-airicis Íosa, agus nuair a chonnaic siad é, d’iarr siad air imtheacht as a dtír.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 Agus, Féuch, do chúaidh an chathair uile a mach do theagmháil air Iósa: agus an tan do chunncadar é, do iarradar air imtheachd as a ttórannaibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Agus féach, do ghluais muintir na catharach go léir amach i gcoinnibh Íosa; agus nuair a chonacadar é d’iarradar air imtheacht as a dtír.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

34 Agus seo amach muintir na cathrach go léir in araicis Íosa; ach nuair a chonaic siad é, dʼiarr siad air a gceantar féin a fhágáil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

34 Agus seo amach muintir na cathrach go léir in airicis Íosa; ach nuair a chonaic siad é, d'iarr siad air a gceantar féin a fhágáil.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 8:34
13 Tagairtí Cros  

Agus, féach, do ghlaodhadar amach agus adubhradar, Cad é an bhaint atá againn leat‐sa, a Mhic Dé? an chum sinn do chiapadh roimh an aimsir tháinig tú?


Acht nuair do chonnaic Síomón Peadar sin, do thuit sé ag glúnaibh Íosa, agus adubhairt sé, Imthigh uaim, a Thighearna, mar is duine peacamhail mé.


Agus nuair do chonnaic sé Íosa, do ghlaodh sé amach agus do thuit sé ar lár roimhe, agus adubhairt sé de ghuth árd, Caidé an chuid atá agam‐sa dhíot, a Íosa, a Mhic Dé is Aoirde?


agus thángadar agus d’impidheadar ortha; agus tar a éis dóibh a dtabhairt amach, d’iarradar ortha imtheacht ó’n gcathair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí