Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 7:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Ná tabhraidh an nidh naomhtha do na madraibh, agus ná caithidh bhúr bpéarlaí i láthair na muc, ar eagla go ngabhfaidís de chosaibh ortha, agus go n‐iompóchaidís agus go réabfaidís as a chéile sibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 “Ná tugaigí an ní naofa do na madraí; agus ná caithigí bhur bpéarlaí roimh na muca, ar eagla go satlaí siad faoina gcosa iad agus go dtiontaí siad thart le bhur stróiceadh as a chéile.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Ná tabhairigidh an rud naomhtha do na madaidh: agus ná caithigidh bhur bpéarlaí ós cómhair na muc, ar eagla go dtaltuigheadh siad faoi n-a gcosa iad, agus go dtionntuigheadh siad thart agus sibh a strócadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Na tabhraidh an ní naómhtha do mhadruighibh, agus na teilgidh bhur gclocha úaisle a bhfíadhnuisi na muc, air eagla go sailteóraidis orrtha lé na gcosuibh, agus ar bhfilleadh dhóibh go dtarroingaidís sibh féin as a chéile.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Ná tugaidh an nídh naomhtha dos na madraíbh; agus na caithidh bhúr bpéarlaí chun na muc, le h-eagla go ngeóbhaidís do chosaibh ionta, agus ansan go n-iompóchaidís oraibh agus go stracfaidís sibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 “Ná tugaigí do na madraí an rud a bhíonn beannaithe, agus ná caithigí bhur gcuid péarlaí mar bhia chun na muc: satlóidh siad faoina gcrúba iad agus iompóidh siad oraibh féin do bhur réabadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 “Ná tugaigí do na madraí an rud a bhíonn beannaithe, agus ná caithigí bhur gcuid péarlaí mar bhia chun na muc: satlóidh siad faoina gcrúba iad agus iompóidh siad oraibh féin do bhur réabadh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 7:6
18 Tagairtí Cros  

Agus d’fhreagair seisean, agus adubhairt, Ní cuibhe arán na clainne do ghlacadh, agus a chaitheamh chum na ngadhar.


Annsin bainfear bárr‐thuisleadh as a lán, agus braithfid a chéile.


A bhréig‐fhíréin, bain an tsail as do shúil féin ar dtús; agus annsin chífir go soiléir cionnas an dubhradán do bhaint as súil do bhráthar.


go minic ar turasaibh, i ngábhadh aibhne, i ngábhadh ó ghadaidhthibh, i ngábhadh óm’ chineadh féin, i ngábhadh ó na Págánachaibh, i ngábhadh i mbailtibh móra, i ngábhadh san bhfásach, i ngábhadh mara, i ngábhadh i measc bráthar bréige;


Seachnaidh na madraí, seachnaidh na droch‐oibridhthe, seachnaidh lucht an chóimhghearrtha:


nach móide go mór, an measann sibh, an pionós bhéas tuilte ag an té do shatail fá chois Mac Dé, agus thug tarcuisne d’fhuil an chonnartha le n‐ar naomhuigheadh é, agus thug masla do Spiorad an ghrása?


agus do thuit ar gcúl ’n‐a dhiaidh sin, ní féidir a dtabhairt chum aithrighe arís, de bhrigh go bhfuilid ag aith‐chéasadh Mhic Dé dhóibh féin, agus ag déanamh adhbhar scannail de.


Is é rud d’éirigh dhóibh, mar deir an sean‐fhocal fíor, D’fhill an madadh ar ais chum a aithsceathraighe, agus an chráin do nigheadh chum bheith ag ionfairt san laithigh.


Acht ar an taobh amuigh dhi atá na madraí, agus lucht na bpisreog, agus na drúiseoirí, agus na dúnmharbhthóirí, agus na h‐íodhal‐adhrathóirí, agus gach duine ghrádhuigheas agus chleachtas bréag.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí