Matha 7:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)5 A bhréig‐fhíréin, bain an tsail as do shúil féin ar dtús; agus annsin chífir go soiléir cionnas an dubhradán do bhaint as súil do bhráthar. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)5 A fhimínigh, bain an tsail as do shúilse ar dtús, agus ansin beidh do shúil glinn leis an dúradán a thógáil amach as súil do bhráthar. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara5 A bhréagchráibhthigh, caith an tsail amach as do shúil féin ar dtús, agus annsin tchífidh tú go soiléir chun an scealbóg a bhaint as súil do dhearbhráthar. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)5 A fhir an fhúarchrábhaidh, bean an tsail ar tús as do shúil féin; agus an sin budh léir dhuit an broth do bháin as súil do dhearbhrathar. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)5 A chluanaire, bain an tsail as do shúil féin ar dtúis, agus ansan chífir conus an dúradán a bhaint a’ súil do bhráthar. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20125 A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín a bhaint as súil do bhráthar. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 19815 A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín a bhaint as súil do bhráthar. Féach an chaibidil |
Nó cionnas is féidir leat a rádh led’ bhráthair, A bhráthair, leig dom an dubhradán atá id’ shúil do bhaint aisti, agus nach bhfeiceann tú an tsail atá id’ shúil féin? A fhíréin bréige, bain an tsail ar dtús as do shúil féin, agus annsin dochífir go soiléir cionnas an dubhradán do bhaint as súil do bhráthar.