Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 7:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Nó cad chuige dhuit a rádh led’ bhráthair, leig dom an dubhradán do bhaint as do shúil‐se; agus féach, atá an tsail id’ shúil féin?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Conas mar sin a fhéadann tú a rá le do bhráthair, ‘Lig dom an dúradán a bhaint as do shúil,’ nuair a bhíos an tsail i do shúil féin?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Nó cad é mar thig leat rádh le do dhearbhráthair: leig damh an scealbóg a bhaint as do shúil; agus féach, an tsail i do shúil féin?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 No cionnas a deúra tú réd dhearbhráthair, Fulang dhamh an broth do bhúain as do shúil; agus, féuch, an tsail ann do shúil féin?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Nó cad chuige dhuit a rádh led’ bhráthair: Leig dom an dúradán a bhaint as do shúil; agus sin sail ad’ shúil féin?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Nó cad a bheir duit a rá le do bhráthair: ‘Fan go mbainfidh mé an cáithnín as do shúil duit’; agus sin í an tsail i do shúil féin!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Nó cad a bheir duit a rá le do bhráthair: ‘Fan go mbainfidh mé an cáithnín as do shúil duit’; agus sin í an tsail i do shúil féin!

Féach an chaibidil Cóip




Matha 7:4
5 Tagairtí Cros  

A threoraidhthe dalla, scagas an mhíoltóg, agus shloigeas an camall.


Agus cad chuige dhuit an dubhradán atá i súil do bhráthar d’fheicsin, agus nach mbreathnuigheann tú an tsail atá id’ shúil fein?


A bhréig‐fhíréin, bain an tsail as do shúil féin ar dtús; agus annsin chífir go soiléir cionnas an dubhradán do bhaint as súil do bhráthar.


Nó cionnas is féidir leat a rádh led’ bhráthair, A bhráthair, leig dom an dubhradán atá id’ shúil do bhaint aisti, agus nach bhfeiceann tú an tsail atá id’ shúil féin? A fhíréin bréige, bain an tsail ar dtús as do shúil féin, agus annsin dochífir go soiléir cionnas an dubhradán do bhaint as súil do bhráthar.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí