Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 7:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus cad chuige dhuit an dubhradán atá i súil do bhráthar d’fheicsin, agus nach mbreathnuigheann tú an tsail atá id’ shúil fein?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Cad chuige ar léir duit an dúradán i súil do bhráthar, agus gan tú ag tabhairt faoi deara na saile atá i do shúil féin?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus cad chuige a bhfeiceann tú an scealbóg i súil do dhearbhráthar, agus nach dtabhrann tú fá dear an tsail i do shúil féin?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Achd oréd fá a bhfaiceann tú an broth atá a súil do dhearbhráthar, agus nach ccuireann tú á numhail an tsail atá ann do shúil féin?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Cad chuige dhuit an dúradán d’fheisgint i súil do bhráthar, agus ná feiceann tu an tsail atá ad’ shúil féin?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 “Cén fáth a bhfeiceann tú an cáithnín i súil do bhráthar agus nach n-airíonn tú an tsail i do shúil féin?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 “Cén fáth a bhfeiceann tú an cáithnín i súil do bhráthar agus nach n‑airíonn tú an tsail i do shúil féin?

Féach an chaibidil Cóip




Matha 7:3
10 Tagairtí Cros  

Nó cad chuige dhuit a rádh led’ bhráthair, leig dom an dubhradán do bhaint as do shúil‐se; agus féach, atá an tsail id’ shúil féin?


A bhréig‐fhíréin, bain an tsail as do shúil féin ar dtús; agus annsin chífir go soiléir cionnas an dubhradán do bhaint as súil do bhráthar.


Do sheas an Fairisíneach agus do‐rinne sé a ghuidhe ’n‐a aigne féin ar an gcuma so, A Dhia, do‐bheirim a bhuidheachas leat nach mar a chéile mise agus daoine eile, foghlaidhthe, agus lucht éagcóra, agus lucht adhaltrannais, ná fós duine de shaghas an phoibleacáin seo.


D’á bhrigh sin atáir gan leithscéal, a dhuine, cibé cia thú, do‐bheir breith: óir ag breith breithe ar dhuine eile dhuit, daorann tú thú féin; mar tusa do‐bheir breith, cleachtann tú na neithe céadna sin.


A bhráithre, má beirtear ar dhuine i míghníomh ar bith, sibh‐se atá spioradálta, cuiridh i gceart é le spiorad ceannsachta; ag féachaint chugat féin ar eagla go gcurtar cathú ort.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí