Agus adubhairt duine eile d’á dheisceablaibh leis, A Thighearna, leig dom imtheacht ar dtús agus m’athair d’adhlacadh.
Matha 8:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht adubhairt Íosa leis, Lean mise; agus leig do na marbhaibh a mairbh féin d’adhlacadh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach ba é a dúirt Íosa leis, “Lean mise, agus lig do na marbháin a marbháin féin a adhlacadh.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht dubhairt Íosa leis: lean mise, agus cuireadh na mairbh a gcuid marbh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd a dubhairt Iósa ris, Lean misi; agus léig dona márbhuibh a mairbh féin daghlacadh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Dubhairt Íosa leis, ámhthach: Lean mise, agus leig dos na mairbh a mairbh d’adhlacadh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Íosa leis: “Lean mise, agus lig do na mairbh a mairbh a adhlacadh.” An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Íosa leis: “Lean mise, agus lig do na mairbh a mairbh a adhlacadh.” |
Agus adubhairt duine eile d’á dheisceablaibh leis, A Thighearna, leig dom imtheacht ar dtús agus m’athair d’adhlacadh.
Agus nuair d’imthigh Íosa as an áit sin, do chonnaic sé fear, dárbh ainm Matha, ’n‐a shuidhe i n‐áit na cánach: agus adubhairt sé leis, Lean mise. Agus d’éirigh seisean, agus do lean sé é.
Agus ag gábháil thairis dó, do chonnaic sé Lébhi mac Alfaéuis ’n‐a shuidhe ag bórd an chustuim, agus adubhairt sé leis, Lean‐sa mise. Agus d’éirigh seisean agus do lean sé é.
óir do bhí an mac so liom marbh agus atá sé beo arís; do bhí sé ar iarraidh, agus frith é. Agus do thosnuigheadar ar bheith go sultmhar.
Acht ba cheart súbhachas agus gáirdeachas do bhéanamh: óir do bhí do dhearbhráthair annso marbh, agus do théarnuigh sé; do bhí sé ar iarraidh agus frith é.
Agus adubhairt sé le duine eile, Lean‐sa mise. Acht adubhairt seisean, A Thighearna, leig dom dul ar dtús agus m’athair do chur.
Agus adubhairt seisean leis, Leig do na marbhaibh a mairbh féin do chur; acht imthigh‐se agus fógair ríoghacht Dé go foirleathan.
Ba mhian leis, lá ar n‐a bhárach, dul go dtí an Ghalilé, agus fuair sé Pilib: agus adubhairt Íosa leis, Lean mise.
Agus adubhairt sé sin g‐á chur i n‐umhail cia an saghas báis dogheobhadh sé chum glóire Dé. Agus ar n‐a rádh sin dó, adubhairt sé leis, Lean mise.
Adubhairt Íosa leis, Má’s toil liom é d’fhanamhain go dtiocfad, caidé sin duit‐se?
nuair bhíomar marbh de dheascaibh ár gcionnta, do bheodhuigh sé i n‐éinfheacht le Críost sinn (is tré ghrása do slánuigheadh sibh), agus do thóg sé suas sinn i n‐éinfheacht leis,
uime sin adeirtear, Dúisigh, thusa atá id’ chodladh, Agus éirigh as lár na marbh, Agus soillseochaidh Críost ort.
Agus sibh‐se do bhí marbh de dheascaibh bhur gcionnta agus tré neamh‐thimcheall‐ghearradh bhur bhfeola, d’aithbheodhuigh sé i n‐éinfheacht leisean sibh, tar a éis dó ár gcionntaí uile do mhaitheamh dhúinn.