Eifisigh 2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus do bhí sibh‐se marbh do dheascaibh bhur bpeacadh agus bhur gcionnta, 2 ’n‐a raibh sibh ag siubhal roimh ré do réir cúrsa an tsaoghail seo, do réir prionnsa cumhachta an aeir, an spiorad atá ag oibriú anois i gclainn na h‐easumhlachta. 3 Do chaitheamair‐ne, leis, ár saoghal tráth ’n‐a measc do réir ainmhianta na feola, ag cleachtadh tola na feola agus na h‐intinne, agus do réir dúthchais do bhíomar ’n‐ár gclainn díbheirge, ar nós daoine eile: 4 acht Dia, atá saidhbhir i dtrócaire, as ucht an ghrádha mhóir atá aige dhúinn, 5 nuair bhíomar marbh de dheascaibh ár gcionnta, do bheodhuigh sé i n‐éinfheacht le Críost sinn (is tré ghrása do slánuigheadh sibh), agus do thóg sé suas sinn i n‐éinfheacht leis, 6 agus do chuir sé ’n‐ár suidhe sinn i n‐éinfheacht leis ins na h‐áiteannaibh neamhdha i nÍosa Críost: 7 chum go dtaisbeánfadh sé ins na h‐aoisibh do bhí le teacht an‐chuimse saidhbhris a ghrása tré n‐a mhaitheas ’n‐ár dtaobh i nÍosa Críost: 8 óir is le grása do slán uigheadh sibh tré chreideamh; ní uaibh féin é: bronntanas Dé is eadh é: 9 ní ó oibreachaibh é, ar eagla go ndéanfadh aon duine maoidhmheachas. 10 Óir is sinne obair a láimhe, do cruthuigheadh i nÍosa Críost chum deagh‐ghníomhartha, d’ullmhuigh Dia roimh ré chum go gcleachtfaimís iad. 11 Cuimhnighidh’ d’á bhrigh sin, sibh‐se Cineadhacha do réir na feola, ar a bhfuil Neamh‐thimcheall‐ghearradh tugtha mar ainm aca‐san ar a dtugtar Timcheall‐ghearradh mar ainm, san bhfeoil, do rinneadh le lámhaibh, 12 cuimhnighidh go rabhabhar dealuighthe ó Chríost an tráth sin, gearrtha ó mhuinntir Israel, ’n‐bhur gcoimhthigheachaibh do choingheallachaibh na geallamhna, gan dóchas, gan Dia san tsaoghal. 13 Acht anois, sibh‐se do bhí i gcéin roimhe seo, atá sibh tabhartha i gcómhgar tré fhuil Chríost. 14 Óir is eisean ár síothcháin, an té do rinne aon duine amháin de’n dís, agus do leag balla láir na teorann, 15 tar a éis dó an náimhdeachas do chur ar ceal tré n‐a fheoil, is é sin dlighe na h‐aitheanta i reachtaibh; chum aon duine nua amháin do dhéanamh de’n dís, 16 ag déanamh síothchána; agus iad do réidhteach le chéile i gcorp amháin chum Dé de bhárr na croise, ag marbhadh an náimhdeachais d’á chionn sin: 17 agus tháinig sé agus d’fhógair sé síothcháin daoibh‐se do bhí i gcéin, agus síothcháin dóibh‐sean do bhí i gcómhgar: 18 óir atá ár slighe chum an Athar againn araon, i n‐aon Spiorad amháin, tríd‐sean. 19 D’á bhrigh sin ní fhuil sibh níos mó ’n‐bhur gcoimhthigheachaibh, ná ’n‐bhur ndeoraidhthibh, acht atá sibh ’n‐bhur lucht aon‐chathrach leis na naomhaibh, ’n‐bhur lucht aointighis ag Dia, 20 atá sibh tógtha ar bhun na n‐abstal agus na bhfáidh gur ab é Críost féin an phríomh‐chloch chúinne dhe; 21 go bhfásann an foirgneamh ar fad ’n‐a theampall naomhtha ann san Tighearna, agus é chómhchurtha le chéile i gceart. 22 Is ann atá sibh cómhthoghtha le chéile chum áitreabh do dhéanamh do Dhia san Spiorad. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society