Agus cheana féin atá an tuagh curtha ar fhréimh na gcrann: ar an adhbhar sin crann ar bith nach dtugann toradh maith, leagfar é agus caithfear é sa teinidh.
Matha 7:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Gach crann nach dtugann toradh maith gearrtar é, agus caithtear sa teinidh é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Gearrtar agus caitear sa tine gach uile chrann nach dtugann dea-thoradh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Gach crann nach dtugann toradh maith, gearrfar anuas é, agus caithfear san teinidh é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Gach uile chrann nach iomchrann toradh maith gearrthar é, agus téilgthear san teinidh é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Gach crann ná tugann toradh fóghanta, gearrfar é agus curfar sa teine é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrtar anuas agus caitear sa tine é. An Bíobla Naofa 1981 Gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrtar anuas agus caitear sa tine é. |
Agus cheana féin atá an tuagh curtha ar fhréimh na gcrann: ar an adhbhar sin crann ar bith nach dtugann toradh maith, leagfar é agus caithfear é sa teinidh.
Ní féidir do’n deagh‐chrann droch‐thoradh do thabhairt, ’ná do’n droch‐chrann toradh maith do thabhairt.
Agus cheana féin atá an tuagh curtha ar fhréimh na gcrann: gach uile chrann, d’á bhrigh sin, nach dtugann toradh maith uaidh, gearrtar é, agus caithtear sa teinidh é.
Agus ní foláir d’ár muinntir féin a fhoghlaim cionnas deagh‐oibreacha do chleachtadh, chum gach nidh atá riachtanach do sholáthar, chum nach mbéidh siad gan toradh.
acht má bheireann sé driseach agus feochadáin, baintear deireadh dúile dhe; tá sé i mbaoghal a mhalluighthe, agus is é a dheireadh a loscadh.
Atáid mar bhéadh cairrgeacha foluighthe ’n‐bhur bhfleadhannaibh grádha, ag ithe go craosach, mí‐náireach ’n‐bhur gcuibhreann, ag tabhairt aire dhóibh féin amháin; néallta gan uisce d’á scuabadh le gaothaibh; crainn fóghmhair gan toradh, atá marbh fá dhó, do tarraingeadh as a bhfréamhaibh;