Eabhraigh 6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Uime sin fágaimís céad‐riaghlacha bun‐teagaisc Chríost ’n‐ár ndiaidh, agus téighmís ar aghaidh chum lán‐fhoirbhtheachta; gan bheith arís ag leagadh buin aithreachais ó ghníomharthaibh marbha, agus creidimh i nDia, 2 agus teagaisc fá bhaisteadh, agus fá leagadh lámh, agus fá aiséirghe na marbh, agus fá’n mbreitheamhnas síorraidhe. 3 Agus is é rud dhéanfaimíd, de dheoin Dé. 4 Óir na daoine fuair soillsiú, agus do bhlais an tíodhlacadh neamhdha, agus do rinneadh rannpháirteach san Spiorad Naomh, 5 agus do bhlais deagh‐bhriathar Dé agus cumhacht an tsaoghail atá le teacht, 6 agus do thuit ar gcúl ’n‐a dhiaidh sin, ní féidir a dtabhairt chum aithrighe arís, de bhrigh go bhfuilid ag aith‐chéasadh Mhic Dé dhóibh féin, agus ag déanamh adhbhar scannail de. 7 Óir an talamh shúghas isteach an bháisteach thuiteas go minic air, agus do‐bheir luibheanna fhóghnas do na daoinibh go saothruighthear é ar a son, bíonn beannacht Dé air; 8 acht má bheireann sé driseach agus feochadáin, baintear deireadh dúile dhe; tá sé i mbaoghal a mhalluighthe, agus is é a dheireadh a loscadh. 9 Acht, a cháirde ionmhaine, má tá féin go bhfuilim ag labhairt ar an gcuma so, is deimhin linn gur fearr ’ná sin atá na neithe agaibh‐se, neithe atá ag teacht leis an slánughadh: 10 óir ní fhuil Dia éagcórach go ndéanfadh sé dearmad ar bhur saothar agus ar an ngrádh do thaisbeáin sibh d’á ainm, mar rinne sibh friotháileamh ar na naomhaibh, agus mar ghníonn sibh fós. 11 Agus is é is mian liom go dtaisbeánfadh gach duine agaibh an dúthracht chéadna chum lán‐dearbhthacht dóchais do chothú go deireadh: 12 chum nach n‐éireochadh sibh leisceamhail, acht go ndéanfadh sibh aithris ar na daoinibh fuair na geallamhnacha mar oidhreacht de bhárr creidimh agus foidhne. 13 Óir nuair thug Dia geallamhain d’Abracham, de bhrigh nár fhéad sé a dhearbhú ar aoinneach ba mhó, do dhearbhuigh sé air féin, 14 g‐á rádh, Go cinnte beannóchad agus beannóchad thú, agus méadóchad agus méadóchad thú. 15 Agus mar sin, tar a éis dó fanamhain go foighdeach, fuair sé a raibh geallta dhó. 16 Óir dearbhuigheann daoine ar an té atá níos mó ’ná iad féin, agus cuireann an dearbhú deireadh le gach conspóid bhíos eadortha. 17 Uime sin, ó thárla gur mhian le Dia buain‐tseasmhacht a raibh ceaptha aige i gcómhair oidhrí na geallamhna do thaisbeáint níos cruinne, thug sé an mionn isteach: 18 ionnas tré dhá nidh bhuain‐tseas‐mhacha, nach féidir go ndéanfadh Dia bréag ionnta, go mbéadh árd‐mheisneach againne do theich ar scáth dídeana chum breithe ar an dóchas atá curtha rómhainn; 19 dóchas atá mar ancaire anma againn, agus é daingean, díongmhálta, mar téigheann sé isteach san naomh‐áit taobh thiar de’n bhrat; 20 mar a ndeachaidh Íosa isteach mar réimh‐theachtaire ar ár son, ’n‐a árd‐shagart dó go síorraidhe do réir úird Mhelcisedec. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society