An té gurb annsa leis a athair nó a mháthair ’ná mise, ní fiú liom é; agus an té gurb annsa leis a mhac nó a inghean ’ná mise ní fiu é mise.
Matha 4:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ar an láthair, ag fágáil a líonta dhóibh, do leanadar é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dʼfhág siad a líonta ar an toirt gur lean siad é. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ar an bhomaite d’fhág siad na h-eangacha annsin, agus lean siad é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar bhfagbhaíl a liontadh air ball dóibh, do leanadar eísean. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus gan mhoill d’fhágadar ansan na líonta, agus do leanadar é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dʼfhág siad na líonta láithreach agus lean siad é. An Bíobla Naofa 1981 D'fhág siad na líonta láithreach agus lean siad é. |
An té gurb annsa leis a athair nó a mháthair ’ná mise, ní fiú liom é; agus an té gurb annsa leis a mhac nó a inghean ’ná mise ní fiu é mise.
D’fhreagair Peadar annsin, agus adubhairt sé, Féach, do thréigeamair‐ne gach uile nidh, agus do leanamar thusa; créad bhéas againn d’á bhárr?
Agus adubhairt sé leo, Leanaidh mise agus do‐ghéanad‐sa iascairí ar dhaoinibh dhíbh,
Agus ag imtheacht as sin dó, do chonnaic sé beirt eile dearbhráthar, Séamas mac Shebedé, agus Eoin a dhearbhráthair, agus iad i mbád i bhfochair a n‐athar, Sebedé, ag cóiriú a líonta; agus do ghlaodh sé chuige iad.
Agus tar a éis dóibh a mbáid do thabhairt chum tíre, d’fhágadar gach uile nidh ’n‐a ndiaidh, agus do leanadar é.
chum a Mhac d’fhoillsiú ionnam, chum go bhfógróchainn i measc na gCineadhach é; ar an láthair sin ní dheachas i gcómhairle feola agus fola: