Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 4:20 - An Bíobla Naofa 1981

20 D'fhág siad na líonta láithreach agus lean siad é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

20 Dʼfhág siad a líonta ar an toirt gur lean siad é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

20 Agus ar an bhomaite d’fhág siad na h-eangacha annsin, agus lean siad é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Agus ar an láthair, ag fágáil a líonta dhóibh, do leanadar é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Agus ar bhfagbhaíl a liontadh air ball dóibh, do leanadar eísean.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus gan mhoill d’fhágadar ansan na líonta, agus do leanadar é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

20 Dʼfhág siad na líonta láithreach agus lean siad é.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 4:20
10 Tagairtí Cros  

Thiontaigh Eilíseá i leataobh óna lorg, ghlac sé an chuingir agus mharaigh iad, agus leis na cuingeacha mar ábhar tine, bhruith sé feoil na ndamh; ansin thug sé do na fir í agus d'itheadar. D'éirigh sé ansin agus lean Éilias agus bhí ina shearbhónta aige.


Bhrostaigh mé is ní dhearna mé moill, chun d'aitheanta a chomhlíonadh.


“An té arb ansa leis athair nó máthair ná mé, níl sé diongbhála dom, agus an té arb ansa leis mac nó iníon ná mé, níl sé diongbhála dom;


Labhair Peadar ansin agus dúirt sé leis: “Sinne, féach, d'fhágamar an uile ní agus leanamar thusa: cad a bheidh againn, más ea?”


Labhair sé leo: “Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.”


Bhuail sé ar aghaidh, agus chonaic sé beirt dearthár eile, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir: bhí siad sa bhád in éineacht lena n‑athair, Zeibidé, ag cóiriú a gcuid líonta; agus ghlaoigh sé iad.


Agus tharraing siad na báid aníos ar an trá, d'fhág siad gach uile ní agus lean é.


nuair ba dheoin leis siúd a Mhac a fhoilsiú dom chun go gcraobhscaoilfinn a dhea-scéal i measc na ngintlithe, ní dheachaigh mé i gcomhairle le daonnaí ar bith


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí