Matha 4:21 - An Bíobla Naofa 198121 Bhuail sé ar aghaidh, agus chonaic sé beirt dearthár eile, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir: bhí siad sa bhád in éineacht lena n‑athair, Zeibidé, ag cóiriú a gcuid líonta; agus ghlaoigh sé iad. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)21 Agus shiúil sé ar aghaidh leis go bhfaca beirt eile dheartháireacha, Séamas mac Shebidé agus a dheartháir Eoin, sa bhád i gcuideachta Shebidé a n‑athair, agus iad ag deisiú a líonta, agus ghlaoigh sé orthu. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara21 Agus ag imtheacht as sin dó, chonnaic sé beirt eile dearbhráthar, Séamus mac Shebede, agus a dhearbhráthair Eoin, i luing i dteannta a n-athar Sebede, agus iad ag cóiriughadh a gcuid eangach: agus ghoir sé chuige iad. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)21 Agus ag imtheacht as sin dó, do chonnaic sé beirt eile dearbhráthar, Séamas mac Shebedé, agus Eoin a dhearbhráthair, agus iad i mbád i bhfochair a n‐athar, Sebedé, ag cóiriú a líonta; agus do ghlaodh sé chuige iad. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)21 Agus ar nimtheachd as sin dó, do chunnairc sé días eile dearbhrathar, Seúmas mhac Sébedé, agus Eóin a dhearbhráthair, a mbad a bhfochair Shebedé a nathar, ag córughadh a lióntadh; agus do ghoir sé iád. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)21 Agus ag imtheacht ó’n áit sin dó, do chonaic sé beirt eile drithár, Séamus mac Sebedé agus a dhritháir Eóin, agus iad sa bhád i dteannta a n-athar Sebedé, ag deisiú a líonta; agus do ghlaoidh sé chuige iad. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201221 Bhuail sé ar aghaidh, agus chonaic sé beirt deartháireacha eile, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir: bhí siad sa bhád in éineacht lena n-athair, Zeibidé, ag cóiriú a gcuid líonta; agus ghlaoigh sé iad. Féach an chaibidil |