Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 4:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Agus ag imtheacht as sin dó, do chonnaic sé beirt eile dearbhráthar, Séamas mac Shebedé, agus Eoin a dhearbhráthair, agus iad i mbád i bhfochair a n‐athar, Sebedé, ag cóiriú a líonta; agus do ghlaodh sé chuige iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 Agus shiúil sé ar aghaidh leis go bhfaca beirt eile dheartháireacha, Séamas mac Shebidé agus a dheartháir Eoin, sa bhád i gcuideachta Shebidé a n‑athair, agus iad ag deisiú a líonta, agus ghlaoigh sé orthu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Agus ag imtheacht as sin dó, chonnaic sé beirt eile dearbhráthar, Séamus mac Shebede, agus a dhearbhráthair Eoin, i luing i dteannta a n-athar Sebede, agus iad ag cóiriughadh a gcuid eangach: agus ghoir sé chuige iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus ar nimtheachd as sin dó, do chunnairc sé días eile dearbhrathar, Seúmas mhac Sébedé, agus Eóin a dhearbhráthair, a mbad a bhfochair Shebedé a nathar, ag córughadh a lióntadh; agus do ghoir sé iád.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Agus ag imtheacht ó’n áit sin dó, do chonaic sé beirt eile drithár, Séamus mac Sebedé agus a dhritháir Eóin, agus iad sa bhád i dteannta a n-athar Sebedé, ag deisiú a líonta; agus do ghlaoidh sé chuige iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 Bhuail sé ar aghaidh, agus chonaic sé beirt deartháireacha eile, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir: bhí siad sa bhád in éineacht lena n-athair, Zeibidé, ag cóiriú a gcuid líonta; agus ghlaoigh sé iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

21 Bhuail sé ar aghaidh, agus chonaic sé beirt dearthár eile, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir: bhí siad sa bhád in éineacht lena n‑athair, Zeibidé, ag cóiriú a gcuid líonta; agus ghlaoigh sé iad.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 4:21
12 Tagairtí Cros  

Agus is iad so ainmneacha an dáréag abstal: An chéad duine, Síomón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a dhearbhráthair; Séamas mac Shebedé, agus Eoin a dhearbhráthair;


Agus sé lá ’n‐a dhiaidh sin, thug Íosa leis Peadar, agus Séamas, agus Eoin a dhearbhráthair‐sean, agus do rug sé suas iad ar shléibh árd fá leith: agus do h‐athruigheadh a ghné os a gcómhair:


Agus rug sé leis Peadar agus beirt mhac Shebedé, agus do thosnuigh sé ar bheith an‐bhrónach, an‐bhuaidheartha.


Agus ar an láthair, ag fágáil a líonta dhóibh, do leanadar é.


Agus ar an láthair d’fhágadar an bád agus a n‐athair, agus do leanadar é.


agus Séamas mac Shebedé, agus Eoin dearbhráthair Shéamais, ortha‐san thug sé Bóanérges, is é sin, Mic tóirnighe:


Agus níor leig sé d’aoinneach teacht leis, acht Peadar, agus Séamas, agus Eoin dearbhráthair Shéamais.


Is amhlaidh do bhí i n‐éinfheacht le chéile Síomón Peadar, agus Tomás, d’á ngoirthear Didimus, agus Natanael as Cána na Galilé, agus clann‐mhac Shebedé, agus beirt eile d’á dheisceablaibh.


Agus do mharbh sé Séamas dearbhráthair Eoin le claidheamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí