Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 4:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus ar an láthair d’fhágadar an bád agus a n‐athair, agus do leanadar é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Dʼfhág siad an bad agus a n‑athair ar an toirt, agus lean siad é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Agus ar an bhomaite d’fhág siad na h-eangacha agus a n-athair annsin, agus lean siad é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus ar bhfagbháil an bhaíd agus a nathar dhóibhsean, do leanadar é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus gan mhoill d’fhágadar ansan na líonta agus a n-athair, agus do leanadar é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Dʼfhág siad an bád agus a n-athair láithreach agus lean siad é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 D'fhág siad an bád agus a n‑athair láithreach agus lean siad é.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 4:22
10 Tagairtí Cros  

An té gurb annsa leis a athair nó a mháthair ’ná mise, ní fiú liom é; agus an té gurb annsa leis a mhac nó a inghean ’ná mise ní fiu é mise.


Agus ag imtheacht as sin dó, do chonnaic sé beirt eile dearbhráthar, Séamas mac Shebedé, agus Eoin a dhearbhráthair, agus iad i mbád i bhfochair a n‐athar, Sebedé, ag cóiriú a líonta; agus do ghlaodh sé chuige iad.


Agus do ghluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaibh, agus ag craobhscaoileadh soiscéil na ríoghachta, agus ag leigheas an uile ghalair agus breoiteachta i measc na ndaoine.


Agus ar an láthair do ghlaodh sé ortha; agus d’fhágadar a n‐athair Sebedé ins an mbád i n‐éinfheacht leis an lucht tuarastail, agus do leanadar é.


Má atá aon duine ag teacht chugam‐sa, agus gan fuath aige d’á athair, agus d’á mháthair, agus d’á mhnaoi, agus d’á chlainn, agus d’á dhearbhráithribh, agus d’á dheirbhsheathrachaibh, agus fós d’á anam féin, ní féidir dhó bheith ’n‐a dheisceabal agam.


Ar an gcuma chéadna, gach duine agaibh‐se nach ndiúltann do gach a bhfuil aige, ní féidir dhó bheith ’n‐a dheisceabal agam‐sa.


Agus tar a éis dóibh a mbáid do thabhairt chum tíre, d’fhágadar gach uile nidh ’n‐a ndiaidh, agus do leanadar é.


Ar an adhbhar sin, ní aithnighmíd aon duine feasta do réir na colna: má’s fíor féin go raibh aithne againn ar Chríost do réir na colna, ní fhuil aithne againn air ar an gcuma sin anois.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí