Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 5:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus tar a éis dóibh a mbáid do thabhairt chum tíre, d’fhágadar gach uile nidh ’n‐a ndiaidh, agus do leanadar é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Agus nuair a bhí a mbáid tugtha chun tíre acu, dʼfhág siad an t‑iomlán agus lean siad é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Agus nuair a thug siad a longa chun tíre, d’fhág siad gach nidh, agus lean siad é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus an tan tugadarsan a ienga chum tire, ar bhfagbháil an uile neither dhóibh, do leanadar eisean.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus chuireadar a loingeas ar tír, agus d’fhágadar gach nídh ’n-a ndiaidh, agus do leanadar eisean.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Agus tharraing siad na báid aníos ar an trá, dʼfhág siad gach uile ní agus lean é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 Agus tharraing siad na báid aníos ar an trá, d'fhág siad gach uile ní agus lean é.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:11
11 Tagairtí Cros  

An té gurb annsa leis a athair nó a mháthair ’ná mise, ní fiú liom é; agus an té gurb annsa leis a mhac nó a inghean ’ná mise ní fiu é mise.


D’fhreagair Peadar annsin, agus adubhairt sé, Féach, do thréigeamair‐ne gach uile nidh, agus do leanamar thusa; créad bhéas againn d’á bhárr?


Agus gach duine do thréig tighthe, nó dearbhráithre, nó deirbhsheathracha, nó clann, nó taltaí, ar son m’anma‐sa, gheobhaidh sé a gcéad oiread, agus béidh an bheatha shíorraidhe mar oighreacht aige.


Agus ar an láthair, ag fágáil a líonta dhóibh, do leanadar é.


Agus ar an láthair d’fhágadar an bád agus a n‐athair, agus do leanadar é.


Agus iar bhféachain d’Íosa air, thug sé grádh dhó, agus adubhairt sé leis, Atá aon nidh amháin i n‐easnamh ort: imthigh, díol a bhfuil agat, agus tabhair a luach do na bochtaibh, agus do‐gheobhair saidhbhreas ar neamh; agus tar agus lean mise.


Agus d’fhág sé gach éinnidh, agus d’éirigh sé ’n‐a sheasamh agus do lean sé é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí