Agus nuair tháinig an chéad dream, do mheasadar go bhfuighdís níba mhó; agus fuaradar‐san, leis, pinginn an duine.
Matha 20:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair fuaradar é do bhíodar ag cannrán i n‐aghaidh an fhir tighe, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a bhí sé glactha acu chuaigh siad a chlamhsán in aghaidh cheann an tí, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a fuair siad é, thoisigh siad a mhonabhar i n-aghaidh mháighistir an tighe, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar na ghlacadh dhóibh, do rinneadar monabhar a naghuidh fhir mhaith an tighe, Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Nuair a fuaradar é chromadar ar cheisneamh i n-aghaidh an fhir thighe, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus nuair a fuair siad é, bhí siad ag monabhar ar fhear an tí: An Bíobla Naofa 1981 Agus nuair a fuair siad é, bhí siad ag monabhar ar fhear an tí: |
Agus nuair tháinig an chéad dream, do mheasadar go bhfuighdís níba mhó; agus fuaradar‐san, leis, pinginn an duine.
g‐á rádh, Níor oibrigh an dream deireannach so ach uair amháin, agus do chuiris‐se ar aon chomhthrom leo sinne d’fhulang cruadhtan an lae agus an brothall.
Óir do b’fhéidir an uinneimeint so do dhíol ar níos mó ’ná trí céad pinginn, agus a tabhairt do na bochtaibh. Agus do bhíodar díombuidheach dhí.
Agus dorinne na Fairisínigh agus na scríobhaidhthe gearán, g‐á rádh, Fáiltigheann an fear so roimh na peacachaibh, agus itheann sé ’n‐a gcuibhreann.
Agus nuair do chonnacadar uile sin, do bhíodar ag ceisneamh go mí‐chéadfach, g‐á rádh, Do chuaidh sé ar aoidheacht isteach ag fear atá ’n‐a pheacach.
Agus do bhí na Fairisínigh agus a scríobhaidhthe ag ceasacht le n‐a dheisceablaibh, g‐á rádh, Cad chuige dhaoibh‐se bheith ag ól agus ag ithe i gcuideachtain poibleacán agus peacach?
Agus do bhí na h‐Iúdaigh ag ceisneamh ’n‐a thaobh, toisc go ndubhairt sé, Is mise an t‐arán tháinig anuas ó neamh.
Acht, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a dheiseabail ag cannrán ’n‐a thaobh so, adubhairt sé leo, An bhfuil sin ’n‐a chás oraibh?
Acht nuair do chonnaic na h‐Iúdaigh na sluaighte, do líonadar d’éad, agus do chuireadar i gcoinnibh na neithe do labhair Pól, agus thugadar masla dhó.
’g‐ár gcosc ar labhairt leis na Cineadhachaibh chum iad do shlánú; ag méadú a bpeacaidhe de shíor; acht atá dhíbheirg tagtha go h‐iomlán ortha.
Lucht clamhsáin, lucht cannráin is eadh a leithéidí, ag siubhal do réir a n‐ainmhianta féin (agus focail mhóra, maoidhteacha ’n‐a mbéal aca), ag tabhairt ómóis do dhaoinibh le súil go bhfaighidh siad brabach dóibh féin.